Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 19 Jun 1975

Vol. 282 No. 6

Excess Vote, 1972-73. - Vote 37: Roinn na Gaeltachta.

I move:

Go ndeonófar suim nach mó ná £6,000,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-igcabhair.

Ar mhiste leis an Aire a innsint dúinn an bhfuil sé beartaithe aige ceantar Bhaile Mhic Óda a ainmniú mar chuid den Ghaeltacht agus an bhfuil aon airgead leagtha amach aige chuige sin san Meastachán?

Mar is eol don Teachta, thug mé cuairt cúpla uair ar Bhaile Mhic Óda agus Gort Rua agus mar is eol don Teachta chomh maith tá gluaiseacht an-mhaith ar siúl mórthimpeall an cheantair sin. Nuair a bhí mé in Eochaill le déanaí, chuir mé in iúl go poiblí go raibh mé sásta leis an dul chun cinn a bhí ar siúl, ach sar a n-ainmneofar aon áit mar Ghaeltacht oifigiúil caithimid bheith cinnte go bhfuil na coinníollachta comhlínte. Dúbhras ar an ocáid sin go n-iarrfainn ar mo Roinnse scrúdú a dhéanamh ar an gceantar, agus tuigim anois go bhfuil an scrúdú sin tosnaithe. Ba mhaith liom a mhíniú gurab é an príomhchoinníoll atá le comhlíonadh ná an teanga Ghaeilge a bheith mar ghnáurlabhra.

Is maith liom é sin a chlos.

Níorbh fhéidir liom a rá ag an bpointe sin cathain.

An ndúirt an tAire in óráid a thug sé uaidh go raibh sé beartaithe aige Baile Mhic Óda a dhéanamh ina cheantar Ghaeltachta? An bhfuil sé sin ráite aige cheana féin?

Ní féidir liomsa mar Aire agus ní dúirt mé mar Aire go raibh sé beartaithe agam an cheantar seo a ainmniú mar Gaeltacht. Ní dúirt ach séard adúras ná dá leanfadh muintir na háite ar aghaidh leis na ranganna Gaeilge, na himeachtaí Gaeilge atá ar siúl ar fud na háite go raibh dóchas ann go mbéimis in ann an ceantar a ainmniú. Níor thugas geallúint d'aon cheantar ach mhínigh mé an scéal go léir. Tá dóchas agam go mbeidh mé in ann.

An bhfuil an tAire á rá leis an Dáil anois nár dhúirt sé riamh go n-ainmneodh sé Baile Mhic Óda ina cheantar Gaeltachta? Tá sé á rá nár dhúirt sé é sin riamh. Céard adúirt sé? An é sin an rud atá á rá aige?

Bhead an-áthas ormsa ceantar Bhaile Mhic Óda a aithint mar Gaeltacht oifigiúil dá mbeadh na coinníollacha comhlíonta.

Tá an tAire á rá nár dhúirt sé riamh go n-ainmneodh sé Baile Mhic Óda ina cheantar Gaeltachta.

Ní féidir liomsa é sin a rá.

An bhfuil a fhios ag an Aire ag an gcruinniú inar dhúirt sé an méid seo go raibh lucht scannáin le Telefís Éireann i láthair agus gur thógadar scannán-phictiúirí den ráiteas seo agus an tAire ag rá an méid sin? Tá an t-eolas acu siúd. Tá cruthúnas acu siúd gur dhúirt an tAire an uair sin go ndéanfadh sé Baile Mhic Óda a ainmniú.

Tá mé cinnte den phointe seo. Mhínigh mé an scéal go soiléir. Bhí mé ag iarraidh na daoine a mhealladh chun an caighdeán Gaeilge a árdú ach thug mé cuairt trí nó cheithre huaire ar cheantar Bhaile Mhic Óda agus ar Ghort Rua. Tá gluaiseacht an-mhaith ar siúl ann agus bhí fonn ormsa na daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a fheabhsú ach tá dóchas agam ag an bpointe seo, nuair a bheidh toradh an scruduithe atá ar siúl ag mo Roinnse sa cheantar sin ar fáil, go mbeidh mé in ann é a fhógairt mar Ghaeltacht oifigiúil.

Má chuireann Radio Telefís Éireann an cruthúnas ar fáil gur dhúirt an tAire go n-ainmneodh sé Baile Mhic Óda ina cheantar Gaeltachta an mbeidh an tAire sásta leithscéal a dhéanamh leis an Dáil amach anseo faoi?

Níl a fhios agam cad atá i gceist ag an Teachta. An bhfuil an Teachta á rá gur thug mé geallúint nó gur dhúirt mé am éigin go dtiúrfainn aitheantas mar Ghaeltacht oifigiúil do cheantar Bhaile Mhic Óda?

Thug an tAire geallúint gan aon dabht sa méid adúirt sé go raibh sé beartaithe aige an ceantar seo a ainmniú ina cheantar Gaeltachta agus gur thug sé an ghealúlint sin ar an ócáid sin agus go bhfuil scannán ag Telefís Éireann den ráiteas sin á thúirt ag an Aire. Tá sé tar éis é seo a shéanadh sa Dáil ach más féidir le Telefís Éireann an cruthúnas sin a chur ar fáil an mbeidh an tAire sásta leithscéal a dhéanamh faoin méid atá ráite aige anseo sa Dáil amach anseo? Tá mé ag iarraidh freagra ar an gceist seo ar dtús sula bhfreagraíonn an tAire aon cheist eile.

Mhínigh mé an scéal go soiléir.

An dtuigeann an tAire an cheist atá mé á cur air? Geallúint eile briste. An dtuigeann an tAire an cheist?

Caithfear na coinníollacha a comhlíonadh.

An mbeidh an tAire sásta leithscéal a dhéanamh faoi má chuirtear an cruthúnas ar fáil?

Tá coinníollacha ann.

An bhfuil an tAire á rá nár thug sé an gheallúint seo gan aon choinníollacha?

Deputy G. Fitzgerald rose.

Bhí na coinníollacha ansin nuair a thug an tAire an gheallúint. A Cheann Comhairle, an féidir liom ceist nó dhó a chur ar an Aire? Cathain atá beartaithe aige críoch a chur le tógáil an foirgnimh ins na Forbacha chun áras a chur ar fáil do Roinn na Gaeltachta agus, a dó, cathain atá sé beartaithe aige Bille a tabhairt isteach——

Acting Chairman

I must interrupt the Deputy here. The time has come when the Votes must be put. It has already been agreed that these Votes be put at 2.25. The Chair has no option to alter an agreement already made. These must be put at 2.25 p.m. It has been agreed to take these Votes at 2.25 p.m. and we must now proceed to take them.

Tá Bille ullamh agamsa. Níor chuir mé ós cómhair an Rialtais fós é mar le déanaí fuair mé achainí go láidir ó eagraíochtaí éagsúla ar fud na Gaeltachta ar mhian leo an cheist a phlé.

Vote put and agreed to.

On a point of order.

The time has now come when the remaining Votes must be put. That has been agreed.

On a point of order, I was on my feet five minutes ago to ask a question.

Acting Chairman

The time has already been agreed. It is now 2.25 p.m. and I must put the Votes.

I was on my feet five minutes ago.

Acting Chairman

The Chair has no option but to put the Votes. That agreement has already been made. The Votes must be put at 2.25 p.m.

May I finish the question I was half way through to the Minister for the Gaeltacht?

Acting Chairman

No. It has been agreed to take the Votes at 2.25 p.m.

Top
Share