Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Jul 1975

Vol. 283 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bunú Monarchana Nua.

31. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na monarchana nua atá le bunú fós i mbliana; agus an bhfuil chuile réiteach déanta dóibh faoi láthair.

Is deacair na tionscail a bhunófar laistigh de thréimhse áirithe a shonrú go cruinn. Tig liom a rá, áfach, go bhfuil socruithe déanta chun fiche h-aon tionscal nua a chur ar bun sa Ghaeltacht—ceithre cinn déag acu ceadaithe cheana féin agus na seacht gcinn eile le ceadú go luath. Táthar ag súil go gcuirfear suas le 1,000 post nua ar fáil sna tionscail seo ach iad a bheith faoi lánseol.

Is mar seo a leanas atá an dul chun cinn i gcás gach ceann de na fiche haon tionscal seo:

—tá foirgnimh tógtha, agus ceithre thionscal nua le tosú iontu go luath, i nGaoth Dobhair, i mBaile an Fheirtéaraigh, i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus sa Rinn;

—tá obair thógála ar siúl faoi láthair do chúig thionscal atá ceadaithe i gCill Charthaigh, i mBun an Churraigh, i Ros an Mhíl, i mBaile an Sceilg agus i mBaile Gib;

—tá pleananna ag dul ar aghaidh chun tógáil a dhéanamh do sé thionscal nua i nGaoth Dobhair, ar an gCarraig, in Ard an Rátha, i gCarna agus ar an gCeathrú Rua; agus Tír an Fhia;

—tá réamhmhonarcha tógtha i gCill Chiaráin agus cúig réamhmhonarcha eile á dtogáil sna Dúnaibh, i mBaile na Finne, i gCoill an tSíain, ar an gCeathrú Rua agus i gCorr na Móna agus tá idirbheartaíocht ar siúl chun tionscail a bhunú iontu.

An eol don Rúnaí Parlaiminte, mar gheall ar an réamhmhonarcha seo a deir sé a tógadh i gCill Chiaráin nach bhfuil súil ar bith is cosúil le Roinn na Gaeltachta monarcha ar bith a chur ar bun ann?

Measaim nach bfuil sin fíor.

Tá a fhios againn go bhfuil sé fíor.

Más maith leis an Teachta is fédir liom an t-eolas sin a fháil agus litir a sheoladh chuici.

Deireann an Rúnaí Parlaiminte go mbeidh suas le míle post le fáil sna monarchana uilig. Tuigim nach féidir leis é seo á rá go cruinn ach cathain a éireoidh na folúntaisí seo?

Ní fhéadfainn freagra cruinn a thabhairt ar an gceist sin. Ceist réasúnta í. Measaim féin, nuair a bheidh na monarchana faoi lánseol —níl a fhios agam cathain, b'fhéidir cúpla bliain nó bliain—beidh míle postanna ann. Tá na monarchana ag teacht agus sin an rud is fearr.

Sa mhíle sin ar chuireadh san áireamh daoine atá dífhostaithe cheana féin as monarchana atá sna ceantracha céanna?

Mar adúirt mé leis an Teachta i dtaobh na ceiste roimhe seo, tá gach monarcha sa Ghaeltacht ag obair faoi lánseol faoi láthair. Bhí cuid acu ag obair trí lá nó mar sin suas go dtí mí na Márta. Tá áthas orm a rá go bhfuil siad go léir ag obtair faoi lánseol anois agus measaim féin gur postanna nua atá ann.

Nuair a tógadh na monarchana atá ann cheana féin bhíothas ag súil go mbéadh méad áirithe postanna iontu agus níor sroiseadh an figiúir sin? An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte á rá liom anois an bhfuil an bhearna seo á líonadh san míle atá i gceist aige?

Más mian leis an Teachta, is féidir liom na monarchana a ainmniú. Tá ceithre cinn déag ag obair agus beidh tionscail ag teacht go dtí seacht gcinn eile go luath. Má tá an Tigh ag lorg an eolais is féidir liom an t-eolas a léamh amach.

Níl an t-eolas á fháil agam.

San liosta réamhmhonarchana a léigh an Rúnaí Parlaiminte, an dtig leis á rá an mbeidh tionscal ar bith ag teacht chuig na réamhmhonarcha sin?

Measaim go mbeidh.

Luaigh an Rúnaí Parlaiminte tionscal éigin do Rinn Ó gCuanach ins na Déise. An féidir leis á rá cén sórt tionscail a bheidh ann agus an mó postanna a bheidh ag baint leis?

De réir an eolais atá agamsa, beidh monarcha ann. Níl sé de cheart agam ainmneacha na monarchana a thabhairt sa Tigh seo. Tá liosta ainmneacha agam agus má theastaíonn sé go príobháideach ón Teachta tabharfaidh mé dhó é.

Ba mhaith liom a dhéanamh amach cén sort tionscail atá i gceist.

Cuirfidh mé freagra chugat.

Níl sé sin sásúil ar chor ar bith. Chuir mé ceist ar an Rúnaí Parlaiminte ag éirí go díreach as an méid adúirt sé féin sa bhfreagra a thug sé ar dtús. De réir dheallraimh níl sé ar a chumas an fho-cheist sin a fhreagairt. Tá sé ag caint ar thionscail éigin do Rinn ó gCuanach agus níl faic le rá aige mar gheall air.

Dúras go raibh plean ag dul ar aghaidh chun tógáil a dhéanamh i sé tionscail nua i nGaoth Dobhair——

Ní féidir liom an Rúnaí Parlaiminte a chlos.

Tá plean nua ag dul ar aghaidh chun tógáil a dhéanamh i sé tionscail nua i nGaoth Dobhair, ar an gCarraig, in Ard an Ratha, i gCarna, ar an gCeathrú Rua agus i dTír an Fhia. Níl ach an plean ann i gcomhair na n-áit sin. Agus beidh na monarchana ann le cúnamh Dé.

An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte a rá cathain a bhéas na jobannaí ann?

Sin ceist eile.

An tseachtain seo chugainn beidh an tAire anseo.

Ach ní bheidh aon cheisteanna síos dó.

(Cur isteach.)

Top
Share