Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Jul 1975

Vol. 283 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscal Bréagán.

32. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é an dáta a ceadaíodh tionscal nua bréagán sa Spidéal, Contae na Gaillimhe; agus cén uair a tógadh an mhonarcha.

I mí Bealtaine, 1973 thug mé cead do Ghaeltarra Éireann dul i bpáirtíocht le Solus Teoranta chun tionscal na mbréagán a neartú agus a leathnú mar chomhthionscal nua. Ní raibh i gceist monarcha a thógáil ach feabhsacháin agus méadaíodh na foirgnimh a bhí ann.

Top
Share