Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Jul 1975

Vol. 283 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Bhóithre.

36. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth a bhfuil moill ar fhoilsiú liosta de na deontais a bheidh ceadaithe do bhóithre sa Ghaeltacht i mbliana.

37. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na bóithre a mbeidh deontais á gceadú dóibh sa Ghaeltacht i mbliana.

Le cead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 36 agus Ceist a 37 le chéile. Cuirfear liostaí de na bóithre sin amach go luath. Cothrom an ama seo is gnáth iad a chur amach.

An mbeidh níos mó nó níos lú airgid le fáil i mbliana ar na h-oibreacha seo?

D'fhéadfainn a rá leis an Aire nár chaitheadar an t-airgead a fhuaireadar an bhliain seo chaite.

(Cur isteach.)

An dtig leis an Rúnaí Parlaiminte an innsint dúinn cé h-iad na h-áiteacha inar chaitheadh an t-airgead?

Nil an briseadh síos agam anseo.

(Cur isteach.)

Cé mhéid airgid a chaitheadh i gContae Mhaigh Eo?

Ní raibh ceist curtha síos i dtaobh na contae sin agus, dá bhrí sin, níl freagra agam. Tá an t-iomlán agam. Tig liom an briseadh síos a thabhairt don Teachta tar éis Tráth na gCeist. Níl a fhios agam anois.

Dúirt an Rúnaí Parlaiminte go raibh airgead gan caitheamh sna contaethe ar fad. Chuir mise ceist an raibh sé sin fíor i gcás Contae Maigh Eo. Sin é an méid eolais atá ag teastáil uaim.

Mar is eol do na Teachtaí, is í an comhairle chontae a dhéanann an obair maidir leis na bóithre. Bíonn orthu tosaíocht a thabhairt dá gcuid oibrithe féin. Tá an t-eolas go léir anseo agam. Tógann sé tamall deontas a roinnt amach ar na bóithre. Gaeltachta. Mar shampla, bhí timpeall £67,000 ceaptha gan a bheith caite i Mí Eanáir, 1975 agus tá beagnach £65,000 de sin nach bhfuarthas aon éileamh air ón chomhairle chontae ina leith go fóill. Ach b'fhéidir go bhfuil cuid den oibre sin déanta ag an gcomhairle chontae agus nár cuireadh ceist ar Roinn na Gaeltachta an t-airgead d'fháil. Tá sin ann.

(Cur isteach.)

38. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a caitheadh i 1974 ar bhóithre i nGaeltacht Chiarraí; agus cé mhéad airgid atá i gceist aige a chaitheamh orthu i 1975.

£40,540 a caitheadh i 1974 agus tuairim £36,000 a mheastar a chaithfear i 1975.

39. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil tuairisc agus meastachán faighte aige ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe mar gheall ar bhóthar sna Poilliní, An Spidéal, Contae na Gaillimhe; agus, má tá, an bhfuil sé sásta deontas a chur ar fáil chun an bóthar a dheisiú.

Tá meastachán costais faighte agam don bhóthar sin agus do bhóithre eile agus tá na cásanna á mbreithniú agam.

Top
Share