Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Jul 1975

Vol. 283 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostú Oibrithe.

34. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén líon oibrithe a bheas fostaithe (a) go lánaimsireach, (b) go páirtaimsireach sna monarchana nua atá beartaithe a bhunú i gCarna, sa Cheathrú Rua, i gCorr na Móna, i Ros a' Mhíl agus i dTír an Fhia, Contae na Gaillimhe.

35. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé, i gcás gach ceann de na monarchana nua atá beartaithe a bhunú i gCarna, sa Cheathrú Rua, i gCorr na Móna, i Ros a' Mhíl agus i dTír an Fhia, Contae na Gallimhe (a) an bhfuil conradh cinnte déanta le lucht bainistíochta ina cóir, (b) má tá, an mbeidh Gaeltarra Éireann páirteach inti agus (c) cé eile a bhéas páirteach inti.

Le cead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 34 agus Ceist a 35 le chéile.

Faoi mar adúirt mé mar fhreagra ar Cheist a 20 ar an 4 Meitheamh tá réamhmhonarchana á dtógáil ar an gCeathrú Rua agus i gCorr na Móna. Tá beartaithe monarcha a thógáil ar láithreán atá ceannaithe i dTír an Fhia agus tá tionscal á lorg don áit.

Tá socruithe cinnte déanta do na tionscail sna háiteanna eile a luaitear agus beidh Gaeltarra Éireann páirteach iontu; tá eolas ina dtaobh i bhfoirm tábla agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Seo a leanas an tábla:—

Áit

Daoine i bpáirt le Gaeltarra

Líon measta na n-oibrithe nuair a bheidh an tionscal faoi lánscol

Lánaimsireach

Páirtaimsireach

Carna

50

2

An Cheathrú Rua

Ón nGearmáin

38

8

Ros a' Mhíl

Ó Éirinn agus ón Danmhairg

43

Top
Share