Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 Jul 1975

Vol. 284 No. 4

Written Answers. - Scéim CEE.

161. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé, ó tharla Scéim CEE d'fheilméirí sna ceantair chúil a bheith anois ina dhlí, céard atá ar intinn ag a Roinn leis na buntáistí a bhí á bhfáil ag feilméirí beaga na Gaeltachta go dtí le gairid a thabhairt ar ais.

Nuair a bhí an scéim sin á fógairt le déanaí ag an Aire Talmhai-ochta agus Iascaigh dúirt sé go mbeadh sonraí eile le foilsiú aige go luath faoi chúnamh breise—ar a mbeidh cabhair chun talamh agus foirgnimh a fheabhsú. Ach na sonraí sin a bheith ar fáil breithneofar an scéal tuilleadh le súil go bhféadfar buntáistí ar leith a thabhairt don Ghaeltacht.

Top
Share