Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 Jul 1975

Vol. 284 No. 4

Written Answers. - Deontas Bád.

162. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta, ó tharla luach bád a bheith ag ardú in aghaidh an lae, an tsuim uasta. £4,000, atá á tabhairt mar dheontas bád do mhuintir na Gaeltachta a ardú tuilleadh.

Is amhlaidh atá scéim á reachtáil ag mo Roinnse d'fhonn cabhrú le hiascairí áirithe nach acmhainn dóibh na héarlaisí íosta a íoc ar bháid iascaigh. Ní théann deontas na Roinne thar 80 faoin gcéad den éarlais íosta agus tuigim go bhféadfaí glacadh le héarlais chomh híseal le 5 faoin gcéad de chostas báid nua. Dá réir sin, bhainfeadh deontas £4,000 ó mo Roinnse le bád a chosnódh £100,000 agus a mbeadh deontas eile £25,000 á íoc ag an Stát ina leith. Ní miste a lua nach raibh i gceist go dtiocfadh báid chomh mór sin faoin scéim nuair a ceapadh í ar mhaithe le hiascairí áirithe a bheadh ag iarraidh tosnú le báid bheaga a fháil dóibh féin.

Top
Share