d'Aire na Gaeltachta (1) cé mhéid monarcha in eastát tionsclaíochta na Ceathrún Rua, Contae na Gaillimhe atá ag obair go lánaimsireach faoi láthair (2) cén uimhir gnáthoibrithe atá fostaithe i ngach monarcha (a) go lánaimsireach agus (b) go páirtaimsireach (3) cén líon bainisteoirí atá i bhfeighil i ngach monarcha díobh agus (4) cé mhéid monarcha atá ar sheachtain trí lá nó dúnta ar fad.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionsclú na Gaeltachta.
Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.
Seo a leanas an tábla:
Déantús |
Gnáthoibrithe |
Bainisteoirí |
Earraí plaisteacha |
55 |
4 |
Éadaí |
23 |
1 |
Tithe réamhdhéanta |
8* |
3 |
(*gan 14 eile a bhíonn ag tógáil na dtithe ar fud na tíre a áireamh) |
||
Stocaí leighis |
7 |
1 |
An tIomlán |
93 |
9 |
Obair lánaimsireach atá ar siúl sna ceithre mhonarcha sin agus níl aon oibrithe páirtaimsireacha iontu. Níl aon mhonarcha ar sheachtain trí lá ná dúnta.
16. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an é polasaí a Roinne daoine áitiúla a fhostú i dtógáil monarchan ar fud na nGaeltachtaí éagsúla; agus an bhfuil sé sásta go bhfuiltear ag cloí leis an bpolasaí sin chomh fada agus is féidir.
Nuair a bhíonn daoine le fostú chun monarcha a thógáil i gceantar Gaeltachta ba mhaith liomsa go dtabharfaí tosaíocht do dhaoine oiriúnacha sa cheantar sin. Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go ndéantar amhlaidh chomh fada agus is féidir.