Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Nov 1975

Vol. 285 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Tithíochta.

17. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta ar cuireadh in iúl dó ina thaisteal ar fud na nGaeltachtaí éagsúla go raibh go leor míshástachta faoi láthair i dtaobh leibhéal na ndeontas tithíochta; an bhfuil sé ag féachaint isteach sa scéal; agus, má tá, an bhfuil beartaithe aige feabhas a chur ar an scéal.

Ní eol dom go bhfuil mórán míshástachta i dtaobh leibhéal na ndeontas tithíochta agus níl i gceist iad a mhéadú ag an bpointe seo.

An féidir leis an Aire a chur in iúl don Teach cén uair a ardaíodh na deontaisí seo cheana agus ar ardaíodh iad ó tháinig sé féin in oifig? An n-aontódh an tAire go bhfuil ardú mór ar chostas tógáil tithe nua ó tháinig sé in oifig?

Ní h-eol dom go bhfuil aon mhíshastacht faoi leibhéal na ndeontas tithíochta ach admhaím go bhfuil míshástacht i leith maidir le coinníollacha na scéime.

An ndearna an tAire aon fhiosrú faoin gceist seo? An raibh an tAire i gcomhairle le Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi? An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil a lán daoine a chuir a n-ainmneacha síos le h-aghaidh tithe anois ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe? Bhí daoine in ann tithe a thógáil dóibh féin sa Ghaeltacht trí nó cheithre bhliain ó shin. ach os rud é nach bhfuil an deontas mór go leor anois agus go bhfuil costaisí imithe in airde chomh mór sin, níl siad in ann tithe a thógáil dóibh féin agus go bhfuil méadú anmhór ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht atá ag lorg tithe ón gcomhairle chontae, daoine a bhí in ann tithe a thógáil dóibh féin roimhe seo?

Ní bhfuair mé mar Aire achainí ach ó dhuine amháin agus fuair mé an litir sin inné, sé sin, ó rúnaí, Cumann Fhianna Fháil ar an gCeathrú Rua.

An cheist dheireanach.

Cad tá déanta ag an Aire faoin gceist thábhachtach seo? Tá litreacha ag teacht chuige anois ón Cheathrú Rua agus tá eolas ag an gcomhairle chontae faoi.

Ní bhfuair mé——

Dúirt tú nach raibh aon demand le haghaidh ardú sa deontas, nach raibh aon eolas agatsa air.

Ceist ghairid led thoil.

Tá sé do-thuigthe ón méid adúirt tú go ndearna tú aon fhiosrúchán faoi. An rachaidh tú i gcomhairle le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus gheobhaidh tú an t-eolas mar gheall ar Ghaeltacht na Gaillimhe ar aon nós.

Agus Cumann Fhianna Fáil.

Mar is eol don Teachta agus mar atá luaite sa cheist anseo ag an Teachta, bím ag taisteal mórthímpeall na Gaeltachta i gcónaí agus ní bhfuair mé aon ghearán faoi leibhéal na ndeontas ach amháin i litir inné ó Chumann Fhianna Fáil ar an gCeathrú Rua. Sin mar atá an scéal.

Top
Share