Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Nov 1975

Vol. 285 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéimeanna Uisce.

11. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeidh sé sásta airgead a chur ar fáil do Chomhairle contae na Gaillimhe chun córas uisce poiblí a chur ar fáil ó Dhroichead Uí Fhlannabhra go Loch Conaortha, Conamara.

Is gnó don Aire Rialtais Áitiúil iarratais a bhaineann le scéimeanna uisce a bhreithniú. Is amhlaidh a íocann mo Roinnse deontais fhorlíontacha i gcásanna áirithe nuair a bhíonn an obair déanta chun sástacht na Roinne Rialtais Áitiúil Tá sé iarrtha agam ar an Aire Rialtais Áitiúil an cás seo a bhreithniú go báúil.

Top
Share