Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Nov 1975

Vol. 285 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Daltaí Scoile sa Ghaeltacht.

10. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé cad é (a) líon na ndaltaí scoile ar an rolla i scoileanna náisiúnta agus i meánscoileanna sa Ghaeltacht don bhliain 1972-73 agus 1973-74 agus (b) líon na ndaltaí scoile sa Ghaeltacht a fuair an deontas £10 don bhliain 1972-73 agus 1973-74.

Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Seo a leanas an tábla:

An scoilbhliain

1972-73

1973-74

Líon daltaí

ar na rollaí

23,979

23,882

a thuill an deontas

7,536

7,058

Nótai

Baineann an scéim le scoilcheantair áirithe lasmuigh den Ghaeltacht freisin agus áirítear thuas na daltaí sna bunscoileanna agus sna hiar-bhunscoileanna uile ina raibh daltaí a thuill an deontas £10.

Tá roinnt bheag iarratas le glanadh go fóill do na scoilbhlianta a luaitear.

Top
Share