Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Dec 1975

Vol. 286 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarcha Próiseála Éisc.

11. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é an ceangal eacnamaíochta atá idir an mhonarcha próiseála éisc ar ché Ros a'Mhíl agus an mhonarcha nua próiseála éisc i Ros a'Mhíl, Contae na Gaillimhe.

Má tá aon cheangal gnó idir na comhlachtaí ní dóigh liom gur ceart a iarraidh orthu eolas a fhoilsiú ina thaobh.

An fíor go bhfuil an bainisteoir céanna ag an dá thionscal seo? An fíor gur aistríodh inneallra as foirgneamh amháin isteach sa bhfoirgneamh eile?

Ceist ghairid.

An fíor gurab é seo an tionscal céanna atá i gceist sa dhá mhonarcha?

Ní thuigim ar chor ar bith cén fáth go bhfuil an Teachta ag cur ceisteanna mar sin. Is é seo an triú huair sa Dáil ar chuir an Teachta ceist faoi gnó comhlachtaí.

Ná bac leis an sean nós——

Ná bí ag cur isteach mar seo.

Tabharfaidh mé an t-eolas a bhí ag teastáil agus beidh suim ag an Teachta Collins san eolas seo mar bhí sé mar Rúnaí Parlaiminte d'Aire na Gaeltachta uair amháin. Mhínigh mé an scéal go soiléir don Teachta go raibh dhá mhonarcha agus chomhlacht i gceist agus chomh maith leis sin, mar a thuigimse an scéal, theip ar an chéad mhonarcha. Nuair a tháinig an Chomhrialtas i mbun oifige do cheadaigh mise i Mí Aibreán, 1973 tionscal nua don chéad mhonarcha agus anois tá dhá thionscal, dhá chomhlacht ann agus tá ceangal idir an dá cheann. Cinnte tá ach nílimse chun aon eolas a thabhairt go poiblí i dtaobh cúrsa í gnó.

Tá muid ag iarraidh eolais cruinn beacht a fháil maidir le dul chun cinn tionsclaíochta sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom dá n-aontódh an tAire liom nach bhfuil i gceist anseo ach an tionscal céanna, agus go bhfuil cleasaíocht de shórt ar siúl ag tabhairt ainm éagsúla ar an dá mhonarcha. Cé go bhfuil an bainisteoir céanna acu táthar ag baint úsáid as an inneallra a bhí lonnaithe sa chéad mhonarcha. Tá scaireanna ag Ghaeltarra Éireann sa dá mhonarcha ach tugann an tAire tionscal nua air. Níl ann ach ag cur ainm eile air. Is é an tionscal céanna é.

An chéad cheist eile.

Ba mhaith liom freagra a thabhairt don Teachta Molloy. Deirim arís go bhfuil dhá chomhlacht agus dhá thionscal ann. Is é an tionscal nua an ceann a bunaíodh le déanaí. Tá Gaeltarra Éireann comhpháirteach le comhlacht ón Danmhairg agus níl aon pháirt ag an gcomhlacht ón Danmhairg leis an dtionscal eile.

Nach gceapann an tAire go bhfuil Teachtaí i dteideal eolas fháil faoi chomhlacht ar bith is cuma sa Ghaeltacht nó sa Ghalltacht é nuair atá airgead an phobal á chaitheamh?

Níl. Ní féidir liomsa eolas a thabhairt i dtaobh cúrsaí gnó nó ceangal gnó idir dhá chomhlacht príobháideacha.

Roinnt mhí ó shin bhí mé ag caint le daoine faoi seo agus dúradh liom go rabhthas ag méadú na monarchan agus an gnó a bhí á dhéanamh ach nach raibh áit sa chéad shuíomh agus go rabhadar ag tógáil monarchan in áit eile a bhí feiliúnach.

Caithfimíd dul ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile. Is leor sin, a Theachta.

Níl an fhírinne ar fad sa scéal sin.

Bainisteoir amháin.

Ba mhaith liomsa a rá arís gur mise mar Aire na Gaeltachta a cheadaigh an dá comhthionscail atá i Ros an Mhíl ag an nóiméad seo.

Trick-o'-the-loop.

Top
Share