Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 Mar 1976

Vol. 289 No. 5

Written Answers. - Monarchana Chonamara.

115. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad monarchana a bhí ag obair go lánaimseartha i 1973 i nGaeltacht Chonamara agus atá dúnta anois nó atá ar sheachtain trí lá.

116. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) cé mhéad monarchana atá i nGaeltacht Chonamara faoi láthair (b) cé mhéad díobh sin atá ag obair go lánaimseartha agus (c) cé mhéad díobh atá ar sheachtain trí lá.

Le cead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 115 agus Ceist a 116 le chéile agus cuirfear an t-eolas, atá i bhfoirm tábla, timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.

Seo a leanas an t-eolas a fuarthas ó Ghaeltarra Éireann do Chontae na Gaillimhe.

Tionscail

Faoi láthair

I dtús 1973

(1)Comhthionscail ina mbíonn scaireanna ag Gaeltarra:

An líon ag obair go lánaimseartha

16

6

An líon ar sheachtain trí lá

1

(2)Tionscail eile, nach mbíonn scaireanna ag Gaeltarra iontu, i bhfoirgnimh ar cíos ó Ghaeltarra:

An líon ag obair go lánaimseartha

4

1

An líon ar sheachtain trí lá

(3)Tionscal de chuid Ghaeltarra féin ag obair go lánaimseartha

1

21(a)

8b

(a) Tá 4 cinn de na tionscail ar siúl faoi láthair i monarchana ina raibh tionscail eile i dtús 1973.

(b) Níl aon mhonarcha ina raibh tionscal i dtús 1973 dúnta faoi láthair.

Níl miontionscadail, ar chabhraigh Gaeltarra leo gan glacadh le scaireanna iontu, san áireamh thuas ach amháin nuair a lig Gaeltarra foirgnimh ar cíos leo.

Top
Share