Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 Mar 1976

Vol. 289 No. 5

Written Answers. - Costas Taistil agus Aíochta.

113. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a caitheadh ar thaisteal agus ar aíocht don Aire i nGaeltacht Chonamara i 1975.

Ní íocann mo Roinnse costais a bhaineann le gluaisteán oifigiúil ach sa bhliain 1975 d'íoc an Roinn £60 le hAear Árann thar mo cheann agus £68 i leith mo chuid aíochta i gContae na Gaillimhe.

114. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a caitheadh ar thaisteal agus ar aíocht i nGaeltacht Chonamara i 1975.

Ní bhíonn eolas mar sin don fhoireann stiúrthóireachta agus tithíochta ar fáil do cheantar níos lú ná Cúige. Tig liom a rá gur íoc mo Roinnse £9,047 sa bhliain 1975 leis an bhfoireann a bhí lonnaithe i gCúige Chonnacht.

Top
Share