Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 May 1976

Vol. 291 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim na nDeich bPunt.

21. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad iarratas ar dheontais faoi Scéim na nDeich bPunt a fuarthas ó Ghaeltacht Chonamara i 1975 agus, go dtí seo, i 1976; agus cé mhéad de na hiarratais sin ar diúltaíodh dóibh.

Is leis an scoilbhliain a bhaineann Scéim an Deontais £10 agus is nuair a bhíonn an scoilbhliain caite a thugtar cinneadh ar na hiarratais. Dá réir sin níl eolas ar fáil go fóill don scoilbhliain 1975-76. Tá formhór na n-iarratas glanta don scoilbhliain 1974-75 agus, i gcás daltaí a bhí ag freastal ar chúrsaí lánaimsire oideachais nó oiliúna i gContae na Gaillimhe sa bhliain sin, ceadaíodh an deontas do 2,964 dhalta agus diútaíodh é do 477 ndalta.

Céard iad na cúiseanna gur diúltaíodh an deontas i gcás na 477 ndalta?

Is dócha nach raibh an caighdeán sásúil.

An féidir leis an Aire a rá an bhfuil na diúl-taithe don scoilbliain 1974-75 níos aoirde ná mar is gnáth?

Tá an t-eolas sin le fáil i gCeist a 22.

An n-aon-tódh an tAire go raibh cásanna ann gur diúltaíodh d'iarrataisí tré dhearmad agus an ndéanfadh sé cinnte dhe nach dtárlódh a leithéid de dhearmaid arís?

Níl a fhios agam faoi sin ach dá gcuirfeadh an Teachta eolas ar fáil chugamsa iarrfaidh mé ar mo Roinnse cásanna mar sin a scrúdú.

22. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad páiste i ngach contae a fuair an deontas £10 sna blianta 1973, 1974 agus 1975.

Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Seo a leanas an tábla:

Contae

Líon na ndaltaí a thuill an Deontas don scoilbhliain

1972-73

1973-74

1974-75

Dún na nGall

2,598

2,394

2,428

Maigh Eo

444

430

345

Gaillimh

3,145

3,024

2,964

Ciarraí

986

945

968

Corcaigh

365

338

391

Port Láirge

141

103

78

An Mhí

90

83

85

Nóta: Tá roinnt bheag iarratas le glanadh go fóill do na scoilbhlianta sin.

Cén Fáth go bhfuil sé i bhfoirm tábla? Níl ann ach trí figiúirí.

Tá trí líne figiúirí anseo.

Top
Share