Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 May 1976

Vol. 291 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oifigí Roinn na Gaeltachta.

23. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén mhoill atá ag baint le togáil oifigí dá Roinn sna Forbacha, Contae na Gaillimhe.

Is amhlaidh atá na dréachtphleananna á scrúdú go fóill.

An bhfuil airgead curtha ar fáil i Meastachán na Roinne chun tosnú ar thógáil na bhfoirgneamh nua seo i mbliana agus an bhfuil conraitheoir tofa fós?

Mar a thuigimse an scéal tá an t-airgead ar fáil ach níl conraitheoir ceaptha fós. Mar adúras, tá na dréachtphleananna á scrúdú agus tá mo Roinnse i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí.

Ar chuir an tAire in iúl don Teach beagnach dhá bhliain ó shin go mbeadh an tógáil tosnaithe i bhfad i bhfad roimhe seo? An bhféadfadh sé míniú a thabhairt domsa cad tá ag cur moill ar na pleananna?

Bhuel, tárlaíonn moill ó am go ham. Mar is eol don Teachta, Tá dhá fhoirgneamh i gceist ins na Forbacha. Tá foirgneamh nua amháin a bheidh mar cheanncheathrú Ghaeltarra Éireann agus Údaras na Gaeltachta agus——

D'fhiafraigh mé den Aire cad a chuir moill ar na hoifigí don Roinn agus níor thug an tAire freagra orm.

Is mar seo atá an scéal anois. Tá conraitheoir ceaptha chun an ghéag nua do Ghaeltarra Éireann a thógáil agus tá súil agam go dtosnóidh an obair go luath. I gcás an oifig nua do Roinn na Gaeltachta a bheidh sa láithreán céanna, tá comhfhreagras ar siúl idir mo Roinnse agus Oifig na nOibreacha Poiblí agus tuigimse go bhfuil an scéal curtha chun cinn agus go mbeidh ceist conraitheoir a cheapadh i gceist sar i bhfad.

Tá contraitheoir ceaptha do Ghaeltarra Éireann. Cén fáth nach bhfuil sé ag tosnú? Tá sé ceaptha le fada.

Ní dóigh liomsa go bhfuil an conradh sínithe fós cé go bhfuil an conraitheoir ceaptha.

Táim ag dul ar aghaidh go dtí Ceist a 24.

Top
Share