Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 May 1976

Vol. 291 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarcha Nua i gConamara.

26. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén comhlacht atá le dul i mbun oibre sa mhonarcha nua i gCill Chiaráin, Conamara; agus cén líon oibrithe a bheas fostaithe sa mhonarcha.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil an réamhmhonarcha a thóg siad i gCill Chiaráin ar cíos anois ag chomhlacht nua Bia Mara Chill Chiaráin Teoranta agus go meastar nach fada go mbeidh suas le 30 duine fostaithe ann ag gabháil do phróiseáil agus pacáil sliogéisc.

Cé mhéid daoine atá fostaithe ann faoi láthair?

Níl a fhios agam.

Nár cheart a thuiscint ón gceist a chuir mé ar an Aire go raibh ag teastáil uaim líon na h-oibrithe a bhí ann faoi láthair agus líon na n-oibrithe a bheidh fostaithe ann nuair a bheidh sé faoi lán-seol?

Deirtear anseo nach fada go mbeidh 30 duine fostaithe agus nuair a bheidh an tionscal faoi lánseol measter go mbeidh 54 duine fostaithe.

Top
Share