Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 May 1976

Vol. 291 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Tithíochta.

25. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad iarratas ar dheontais tithíochta a fuarthas ó Ghaeltacht Chonamara i 1975 agus, go dtí seo, i 1976; agus cé mhéad de na hiarratais sin ar diúltaíodh dóibh.

Bhí 360 iarratais i 1975 agus diúltaíodh go dtí seo 85. Tá 159 fáite i mbliana agus go dtí seo diúltaíodh 7 gcinn.

An bhfuil líon na ndiúltaithe níos aoirde ná mar ba gnáthach i 1975?

I gcomparáid le 1974? Ní dóigh liomsa go bhfuil an t-eolas sin agam. Níl i gcóir 1974 mar ní raibh na figiúirí sin ag teastáil ón Teachta ach amháin 1974-76. Cuirfidh mé an t-eolas ar fáil.

An bhfuil laghdú i mbliana ar an méid airgid atá á chur ar fáil ag an Roinn le caitheamh ar dheontais tithíochta ins na Gaeltachtaí?

Níl freaga agam air sin mar níl na figiúirí agam ach ní dóigh liomsa go bhfuil laghdú ar an airgead atá curtha ar fáil. Sílim gur a mhalairt de scéal atá ann ach níl mé cinnte. Níl na figiúirí sin agam ach cuirfidh mé an t-eolas ar fáil don Teachta.

Top
Share