Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 1 Jul 1976

Vol. 291 No. 15

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foilseacháin Ghaeilge.

24. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard iad na deontais a tugadh do nuachtáin Ghaeilge i 1972, 1973, 1974, 1975 agus 1976.

25. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard iad na deontais a tugadh d'fhoilseacháin a bheadh feiliúnach do dhaoine óga i 1974, 1975 agus 1976.

26. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon scéim aige le cabhrú le nuachtáin Ghaeilge (a) sa Ghaeltacht agus (b) ar fud na tíre.

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceisteanna a 24, a 25 agus a 26 le chéile.

Íocann mo Roinnse deontais mar chabhair do thréimhseacháin Ghaeilge agus bíonn ábhar léitheoireachta ina bhformhór do dhaoine laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht agus do dhaoine óga. Ina measc tá—dhá cheann a fhoilsítear mar nuachtáin, sé sin Inniu agus Amárach, agus—dhá cheann eile a fhoilsítear go sonrach do dhaoine óga, Tir na nÓg agus An Gael Óg.

Is de réir tuillteanais an cháis, tar éis gach gné den scéal a bhreithniú, a cheadaítear deontas do thréimhseachán agus níl aon scéim ar leith ag mo Roinnse ach amháin an scéim a bhaineann le hirisí áitiúla Gaeltachta.

Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas i dtaobh na ndeontas agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Seo a leanas an tábla:—

1972-73

1973-74

£

£

Na deontais a íocadh:

leis na tréimhseacháin Ghaeilge uile ar a n-áirítear:

47,642

51,870

—Inniu agus Amárach

34,760

37,920

1974

1975

1976

(9 mí)

(go dtí seo)

£

£

£

leis na tréimhseacháin Ghaeilge uile ar a n-áirítear:

44,025

66,820

31,370

—Inniu agus Amárach

32,940

47,120

23,000

—Tir na nÓg agus An Gael Óg

1,085

3,490

1,085

An bhfuil mórán ardú tagtha ar na deontais atá ar fáil do nuachtáin Ghaeilge idir 1972 agus an bhliain seo?

I 1972-73 íocadh deontas iomlán do Inniu agus do Amárach £34,760 agus i 1975 bhí an figiúir sin suas le £47,120. Tá ardú ar an gcuid is mó díobh.

Cad é an figiúir le hagaidh 1976?

Tá cúpla leathanach figiúirí anseo. Tá figiúirí anseo do gach bhliain agus do gach tréimhseachán.

Is í an bhliain 1976 atá i gceist agam.

Gabhaim pardún. Go dtí tosach mí Meithimh £23,000 tuiguim.

An bhfuil an tAire sásta gur leor na deontais atá ar fáil?

Sílim go bhfuil an scéal sásúil go leor agus tá ceist eile anseo i dtaobh Amáarach agus má fhanann an Teachta go dtí sin tabharfaidh mé an t-eolas di.

An dtuigeann an Teachta go bhfuil fadhb mhór ag na tuismitheoirí istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht ar fud na tíre foilseacháin oiriúnacha do dhaoine óga a fháil tré Ghaeilge?

Sea, tá. Tugann mo Roinnse cúnamh do dhá cheann, sé sin, Tir na nÓg agus An Gael Óg.

I gcead don Aire, ní hí sin an cheist a chuir mé air. D'fhiafraigh mé dhe an raibh sé sásta nó an raibh a fhios aige go bhfuil fadhb mhór ag tuismitheoirí istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht foilseacháin oiriúnacha a fháil do dhaoine óga tré Ghaeilge.

Dáiríre agus go macánta níl a fhios agam. Cinnte féachfaidh mé isteach sa scéal. Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil gá le tréimhseacháin oiriúnacha ach tá dhá cheann ag a bhfuil deontas á fháil acu ó mo Roinn faoi láthair.

An bhfuil an tAire sásta níos mó deontais a chur ar fáil le go mbeadh daoine agus foilsitheoirí foilseacháin eile a chur ar fáil tré Gaeilge?

Beidh mé sásta aon iarratas mar sin a bhreithniú go báúil.

Dáirt an tAire go dtug sé £23,000 cheana féin i 1976 do na nuachtáin. Cé mhéid atá aige do na nuachtáin don chuid eile den bhliain?

Níl ach leath den bhliain caite go dtí an pointe seo i 1976.

Ach tá sé socraithe cheana féin?

Tá. Sé an figiúr idir Inniu agus Amárach i 1976 go dtí an pointe seo i 1976, £23,000. Tá an leibhéal ag dul ar an méid céanna.

Cé mhéid atá socraithe ag an Aire a thabhairt do na nuachtáin don chuid eile den bhliain?

(Cur isteach.)

27. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta gur leor an deontas atá ar fáil óna Roinn do nuachtán (ainm tugtha); agus an bhfuil sé i gceist aige an deontas a ardú.

28. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé chun an deontas a ardú do nuachtán (ainm tughta).

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceisteanna a 27 agus a 28 le chéile. Cheadaigh mé méadú dhá thrian le déanaí ar an deontas don nuachtán sin agus anois tá an deontas dúbailte agam le trí bliana anuas.

An bhfuil an tAire sásta gur leor an deontas atá ar fáil óna Roinn le go leanfaidh an nuachtán eile Amárach ar aghaidh? Tá tú sásta go bhfuil go leor acu? An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil an chontúirt ann go bhfuil an nuachtán chun bás d'fáil?

Dúras go raibh mé sásta leis an méadú atá ann anois. Beidh £200 i n-aghaidh na seachtaine ar fáil do Amárach ach tháinig an bord eagarthóireachta go dtí an Dáil an tseachtain seo caite. Bhí cruinniú fada agamsa leo. Phléamar an cheist go soiléir agus is mar seo a bhí an scéal ag deire an chruinnithe.

Dúras go mbeidh mé sásta iarratas ar mhéadú eile don bhliain 1977 a bhreithniú go báúil má léirtear dom roimh dheire na bliana seo (a) go mbeidh tacaíocht ag lucht foilsithe an nuachtán óna príomheagrais atá ag obair ar mhaithe leis an bpobal ar fud na Gaeltachta (b) go mbeidh ionadaithe ar bhord eagarthóireachta an nuachtáin óna priomhcheantair Gaeltachta eile agus (c) go mbeidh socraithe éifeachtacha i bhfeidhm chun teacht isteach fiúntach a thuilleamh ó dhíolacháin agus ó fhógraíocht.

An dtuigeann an tAire sula dtiocfaidh 1977 go mb'fhéidir go mbeidh an nuachtán seo básaithe agus go mbeidh na hoibrithe atá fostaithe ann go páirtaimsearach agus go lánaimsearach imithe agus nach mbeidh gá leis an deontas? An dtuigeann sé go bhfuil an scéal chomh dona sin?

Tuigim an scéal go soiléir mar chaith mé trí huaire an chloig nó mar sin leis an mbord eagarthóireachta an tseachtain seo caite.

Ar thuig mé ón Aire go raibh sé sásta leis an méid airgid?

Is mar seo mar a thuigimse an scéal faoi láthair. Táim sásta go mbeidh siad in ann, go mbeidh an lucht eagarthóireachta, an bord stiúrtha nó an bord bainistíochta in ann Amárach a fhoilsiú idir seo agus mí na Nollag agus ansan beidh mé sásta an scéal a bhreithniú go báúil dá mbeadh an t-eagras nó an bord stiúrtha in ann na socraithe nua a dhéanamh. Níl ach circulation 1,200 in n-aghaidh na seachtaine acu faoi láthair agus tá mé ag tabhairt deontas £200 i n-aghaidh na seachtaine. Tá siad ag fáil deontas £200 do circulation 1,200.

An bhfuil an tAire ag rá gur ghlac an bord eagarthóireachta leis an ofráil seo ón Aire go ndúradar go rabhadar sásta leis?

Bhí cruinniú fada againn. Bhí siad le filleadh arais agus an cheist a phlé le coiste Chomharchumann Chois Fharraige.

Top
Share