Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 11 Nov 1976

Vol. 293 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúnamh Airgid Stáit.

14. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuair comhlacht déantúsaíochta nó tionscal ar bith atá ceangailte le Gaeltarra Éireann aon chúnamh airgid trí Fhóir Teoranta nó trí chóras stáit ar bith eile le trí bliana anuas.

Sna trí bliana 1973, 1974 agus 1975 fuair trí chomhlacht ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra Éireann cúnamh ó Fhóir Teoranta agus fuair ceithre cinn eile cúnamh caipitil ó Bhord Fáilte Éireann, ón Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh agus ó Roinn na Gaeltachta sa ghnáthshlí faoi scéimeanna éagsúla.

Cé mhéid airgid a fuair na trí chomhlacht sin ó Fhóir Teoranta?

Tá na figiúirí go léir agam anseo. An t-iomlán go léir áta i gceist ná £264,516 agus i gcas na dtrí gcomlacht atá i gceist tabharfaidh mé na figiúirí: (1) £14,000, (2) £50,000 mar scaireanna agus £59,300 mar iasacht agus (3) £10,000.

An bhféadfadh an tAire a rá an raibh aon fháth speisialta ann nach raibh Gaeltarra Éireann in ann an cúnamh airgid sin a thabhairt do na comhlachtaí i gceist?

In ionad Fóir Teoranta.

Níl an t-eolas sin agam. Ní fhéadfainn a rá. B'fhéidir go n-oirfeadh sé do na comhlachtaí a bhí i gceist an t-airgead seo a fháil ó Fhóir Teoranta. Más mian leis an Teachta eolas níos soiléire a fháil i dtaobh aon ceann de na dtrí gcomhlachtaí cuirfidh mé an t-eolas ar fáil.

Is é atá i gceist agam ná an prionsabal. An eol don Aire go bhfuil aon fháth speisialta ann? Thuig mise, agus airím nach bhfuil an t-airgead go léir caite ag Gaeltarra Éireann i mbliana, nach maith an rud é an meascán seo a bheith ann go mór mhór nuair nach bhfuil aon teorainn, mar adéarfá, leis an gcúnamh airgid is féidir le Gaeltarra Éireann a thabhairt do na comhlachtaí seo?

Tá Fóir Teoranta ann chún cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí nuair a bhíonn siad i dtrioblóid. Tá an cúnamh ar fáil tré Fhóir Teoranta agus níl aon chúis ann nach bhféadfadh tionscail sa Ghaeltacht iarratas a chur isteach chuig Fóir Teoranta chun cúnamh a fháil má oireann.

An mbeidh tuairisc le fáil maidir leis an gcúnamh airgid a fuair na comhlachtaí seo i dtuarascáil Gaeltarra?

Sea. Tá an t-eolas sin agam. Tá sceideal san tuarascáil bhliantúil a chuireann eolas ar fáil i dtaobh comhlachtaí a gheibheann cúnamh Stáit ó eagrais taobh amuigh de Ghaeltarra Éireann.

Top
Share