Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Dec 1976

Vol. 295 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhairle Náisiúnta Drámaíochta.

28. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an ndéanfaidh sé cur síos anois ar chúrsaí maidir le Comhairle Náisiúnta Drámaíochta.

Ghlac an Comhaltas Náisiúnta Drámaíochta ionad na Comhairle Náisiúnta Drámaíochta faoi bhunreacht nua a tháinig i bhfeidhm i mí Feabhra, 1976. Is leis an gcomhlachas atá deontas á íoc ag mo Roinnse i mbliana ar mhaithe le gluaiseacht na drámaíochta Gaeilge.

An bhfuil aon scéal faighte ag an Aire go dtí seo faoi cén chaoi a chaitheadh an t-airgead sin nó an bhfuil cruthúnas ann go bhfuil dul chun cinn dá dhéanamh maidir le cúrsaí drámaíochta?

Tá eagras náisiúnta nua bunaithe anois. Mar is eol don Teachta, bhí easontas sa ghluaiseacht. Bhí dhá dhream ann ach tháinig an dá cheann le chéile agus tá eagras amháin ann anois agus d'íoc mo Roinnse £20,000. Sin é an deontas i mbliana agus tá an scéal an-shásúil ar fad agus tá an eagras nua anmhaith. Tá ceithre coistí Cúigíocha ann agus tá ionadaithe ó na ceithre coistí Cúigíocha mar chomhaltaí ar an gcomhlachas. Tugtar an teideal comhlachtas ar an eagras nua agus táim sásta go bhfuil ag éirí go maith chun gluaiseacht drámaíochta na Gaeilge a chur chun cinn.

An bhféadfadh an tAire a rá an dtig linn a bheith dóchasach má éiríonn leis an gcóras nua seo go mbeidh tuilleadh airgid le fáil amach anseo maidir leis na cúrsaí?

Sílim agus is féidir leis an Teachta a bheith ag súil b'fhéidir os rud é go bhfuil an ghluaiseacht drámaíochta ag dul ar aghaidh chomh fada agus is eol domsa, dá mba rud é go mbeadh airgead breise i gceist dhéanfainn breithniú báúil air.

Top
Share