Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Dec 1976

Vol. 295 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bunú Comhlachtaí.

29. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfadh sé liosta de na comhlachtaí ina bunaíodh 3,400 postanna nua sna ceithre bliana atá díreach thart, de réir an ráitis a thug sé uaidh an 30 Samhain, 1976; agus i gcás gach comhlachta acu an gcuirfeadh sé in iúl an bhliain a bunaíodh é.

Is cosúil go bhfuil míthuiscint ar an Teachta maidir leis an méid adúirt mé ar an 30 Samhain, 1976. Séard adúirt mé ná gur tháinig méadú tímpeall 80 faoin gcéad ar líon na ndaoine atá fostaithe ins na tionscail faoi scáth Gaeltarra Éireann, sé sin 1,864 daoine fostaithe ag deireadh 1972 i gcomparáid le 3,400 daoine meastar ag deireadh 1976. Ó thárla go bhfuil na céadta tionscal i gceist go háirithe i gcás na miontionscal tógfaidh sé tamall chun an liosta atá á lorg ag an Teachta a ullmhú. A luaithe a bhéas sé ar fáil cuirfear chuig an Teachta é.

Chomh fada agus a bhaineas sé leis an difríocht atá idir iad sin a bhí fostaithe i 1972 agus atá fostaithe anois, an féidir leis an Aire a rá an mbaineann an t-ardú sin go h-iomlán le daoine nua nach raibh fostaithe roimhe sin faoi scáth Gaeltarra i n-áit ar bith?

Sin é an 80 faoin gcéad. Sin é an net increase in overall employment, an méadú a tháinig ar líon na ndaoine a bhí fostaithe.

An fostaithe nua iad?

Sea. Bhí 1,800 daoine fostaithe i 1972 agus meastar anois go bhfuil 3,400 daoine fostaithe.

Ach ní fostaithe nua iad go léir?

An bhféadfadh an tAire a rá go bhfuil sé cinnte go bhfuil 3,400 ann nó nach bhfuil? An bhfuil sé níos aoirde nó an bhféadfadh sé bheith níos aoirde ná níos lú ná sin?

Measann Gaeltarra Éireann gurb é sin an figiúir 3,400, ach tá na figiúirí á mbailiú. Bailítear figiúirí gach leath-bhliain agus tá na figiúirí á mbailiú faoi láthair agus mar adúras anseo nuair a bheidh an liosta go h-iomlán agam cuirfidh mé ar fáil don Teachta é.

An nglacfadh an tAire go bhféadfadh míthuiscint a bheith ar dhaoine eile seachas an Teachta Molloy faoin ráiteas a léigh siad?

Tá an ráiteas anseo agamsa agus tá cóip i gcuid de na nuachtáin agus cuirfidh mé an ráiteas ar fáil más gá. Ag labhairt i mBéarla a bhíos. "Over the past four years employment in the Gaeltacht industry assisted by Gaeltarra has increased by some 80 per cent and is now approaching 3,400."

Ordú. Ceist a 27.

Ach cheap an Teacht Molloy go ndúras go raibh 3,400 fostaithe nua ann. Ní dúras é sin.

Top
Share