Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Dec 1976

Vol. 295 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Thalmhaíochta.

30. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén dul chun cinn atá á dhéanamh aige maidir le deontais bhreise a bhíodh á n-íoc ag a Roinn maidir le cúrsaí talmhaíochta, a chur ar fáil arís.

Bhíodh deontais fhorlíontacha á n-íoc ag mo Roinnse faoi thionscadal na talún agus scéim na bhfoirgneamh feirme. Tá deireadh leis na scéimeanna sin anois ach, ina n-ionad, tá scéimeanna eile faoina bhfuil bundeontais níos fearr le fáil ón Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh.

Ní ghlacaim leis an bhfreagra a thug an tAire ansin. Dúirt sé anseo sa Teach go mbeadh sé ag cur na deontais bhreise a bhíodh le fáil ag muintir na Gaeltachta chun cinn arís? An bhfuil athrú intinne ar an Aire anois maidir leis an gceist sin nó an bhfuil sé ar intinn aige na deontaisí sin a thabhairt ar ais a bhíodh le fáil sa Ghaeltacht?

Ní féidir liom a rá ag an bpointe seo. Cé go bhfuil fonn ormsa deontais bhreise a chur ar fáil níor éirigh liom fós. Tá mé ag plé na ceiste leis an Aire Talmhaíochta le tamall ach níor éirigh liom fós agus chun a bheith macánta ní féidir liom a rá ag an bpointe seo an n-éireoidh liom deontais bhreise a chur ar fáil.

Mar adúirt an tAire nuair a thug sé an freagra seo tá dhá bhliain ó shin ann. An dtig leis a insint dom anois go dearfa cén uair a bhéas na deontais bhreise seo 50 faoin gcéad le fáil a bhíonns le fáil ag muintir na Gaeltachta maidir le cúrsaí talmhaíochta?

Tá fonn ormsa deontas breise a chur ar fáil ach tá cabhair á tabhairt ag mo Roinnse trí Ghaeltarra Éireann don chomhar-chumann go háirithe Comharchumann Iorrais chun tionscal na talún agus rudaí mar sin a dhéanamh ach ní fhéadfainn a rá ag an bpointe seo an mbeidh mé in ann deontas breise a chur ar fáil, sé sin, deontas breise don farm modernisation scheme agus an disadvantaged areas scheme.

The remaining questions will appear on tomorrow's Order Paper.

Top
Share