Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 9 Dec 1976

Vol. 295 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Bhreise do Mheánscoileanna.

14. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil meánscoileanna A agus B ag fáil ardú sna deontais bhreise mar atá léirithe sna meastacháin do 1976.

Mar is eol don Teachta tá céatadán de dheontas breise ag dul do na meánscoileanna A agus B thar na gnáth dheontais caipitíochta.

Méadaíodh na gnáth dheontais Ó 1975-76 amach, méadú de 50 faoin chéad ar an meán. Anuas ar sin fuair na scoileanna A agus B méadú 50 faoin chéad freisin ar an deontas breise. Níor bhféidir aon mhéadú thairis sin do cheadú i mbliana i ngeall ar chúrsaí a bhain le meastacháin na bliana seo.

Nach n-aontódh an t-Aire liom go bhfuil dualgas air an t-airgead a thabhairt do na scoileanna mar go bhfuil sé luaite sna Meastacháin agus go bhfuil sé caite cheana féin ag na scoileanna?

Mar adúirt mé nuair a bhí mé ag caint ar mo Mheastachán tá an deontas ardaithe i gcóir gach scoile is cuma céacu scoil A nó B nó an gnáth scoil. De ghnáth, bíonn an deontas i gcóir scoileanna A agus B níos mó ná an deontas a gcóir na gnáth-scoileanna de 25 faoin gcéad ceapaim. Nuair a éiríonn an deontas i gcóir na scoileanna go léir éiríonn an deontas i gcóir na scoileanna A agus B níos mó ná an deontas i gcóir na gnáthscoile.

Tá a fhios agam go bhfuil an tAire báúil leis na nGaeilge. Cruthuigh sé sin cúpla uair ó shin. Nach bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil deachrachtaí faoi leith ag na scoileanna lán-Ghaelacha Ó thaobh curriculum de, Ó thaobh téacsleabhar dhe agus Ó thaobh meicneolaíochta de agus nach bhfuil a fhios aige go bhfuil siad i gcruachás anois mar gur cheap siad go raibh siad ag fáil an airgid seo agus nach bhfuil an Roinn ag tabhairt an airgid anois?

Níl mé cinnte go bhfuil an ceart ag an Teachta. Ní raibh a fhios agam gur cheapadar go bhfaighidís deontas faoi leith i gcóir téacsleabhar agus rudaí mar sin. Bhí a fhios acu go raibh an deontas i gcóir na scoileanna A agus B níos aoirde ná an deontas i gcóir na gnáthscoile agus níos aoirde arís, sílim. Nuair a fuaireadar an deontas faoi leith an bhliain seo fuaireadar níos mó ná na deontais do na gnáthscoileanna.

Nach bhfuil sé soiléir óna Meastacháin gur cuireadh isteach £310,000 do na scoileanna sin nuair a ritheadh an Vóta cheana féin agus anois nach bhfuil siad ag fáil ach £26,000?

Cheapas gur thug mé freagra air sin don Teachta nuair a bhí mé ag labhairt ar an Meastachán. Tá a fhios agam go bhfuil an t-airgead sin sa Mheastachán agus bhí suim ag an iar-Aire an t-airgead sin a chur amach ach níor b'fhéidir leis é dhéanamh.

Fan bómaite, a Cheann Comhairle. Tá mise ag cur i n-aghaidh an Vóta sin mar gheall air sin. Beidh mé ag iarraidh ar an Teach seo diúltú don Vóta sin——

Tá a fhios agam.

——muna ndeineann an tAire leasú air anois. An bhfuil a fhios ag an Aire go mbíonn ar na scoileanna, mar nach bhfuil téacsleabhair acu, cuid mhaith airgid a chaitheamh ar stencils agus rudaí mar sin? Dá bhrí sin, tá gá leis an mbreis airgid seo. Sin uimhir a haon. Uimhir a dó, nach bhfuil a fhios ag an Aire fosta go bhfuil pupil/teacher ratio níos fearr ag na bunscoileanna Gaelacha ná mar atá ag an gnáth-bhunscoil agus an mbeadh sé toilteanach airgead a chaitheamh chun an pupil/teacher ratio a leasú ins na meánscoileanna Gaelacha?

Cheapas nuair a chonaic mé an cheist seo, a Cheann Comhairle, go raibh an Teachta ag caint mar gheall ar dheontas ach ní raibh a fhios agam go raibh sé ag caint mar gheall ar dheontas faoi leith lasmuigh de na gnáth-dheontais do gach bunscoil agus an bhfuil sé ag caint anois mar gheall ar deontas speisialta do scoileanna A agus B i gcóir leabhar agus mar sin de? Cad atá i gceist ag an Teachta?

Tá sé soiléir as an airgead seo, sé sin, an t-airgead i leith na ndaltaí agus an t-airgead eile—gur as an airgead sin a bhí na scoileanna ag caitheamh agus, dá bhrí sin, muna bhfuil sé mór go leor ní bheidh siad ábalta na háiseanna speisialta sin a chur ar fáil. Níl aon fhoinse airgid eile ann.

Cheapas go raibh an Teachta ag caint ar ábhar na ceiste a chuir sé síos, ag caint mar gheall ar na capitation grants——

Agus grants in lieu of fees?

Sea ach níl a fhios agam an bhfuil rud eile in intinn an Teachta. Is féidir liomsa aon eolas ba mhaith leis atá uaidh a fháil dó ach níl sé anseo agam.

Top
Share