Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 16 Dec 1976

Vol. 295 No. 6

Written Answers. - Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

32. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ardú deontais a thabhairt do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann chun cabhrú leo a thuilleadh san obair atá á dhéanamh acu.

Méadaíodh an deontas do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ó £45,000 anuraidh go £52,000 i mbliana agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas é a mhéadú arís an bhliain seo chugainn.

Top
Share