Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 16 Dec 1976

Vol. 295 No. 6

Written Answers. - Fostaithe Ghaeltarra Éireann.

33. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid daoine sa mbreis thar 1973 atá fostaithe faoi imeachtaí Ghaeltarra Éireann i nGaeltacht Mhaigh Eo ón 1 Eanáir, 1974 anuas.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur tháinig méadú 102, sa tréimhse ó 1 Eanáir, 1974 go 30 Meitheamh, 1976, ar líon na bhfostaithe sna tionscail uile a bhí faoina scáth i nGaeltacht Mhaigh Eo.

34. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid daoine de mhuintir na háite atá fostaithe go lánaimsireach i nDún na nGall faoi imeachtaí Ghaeltarra Éireann.

35. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid daoine de mhuintir na háite le cáilíocht oideachais ard-teistiméireachta nó níos airde a fostaíodh go lánaimsireach faoi imeachtaí Ghaeltarra Éireann ó Mhárta, 1974 anuas.

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceist a 34 agus Ceist a 35 le chéile.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann nach gcuirtear sonraí le chéile faoi áiteanna dúchais na cáilíochtaí oideachais na ndaoine a bhíonn fostaithe i dtionscail faoina scáth agus gur féidir glacadh leis gur de bhunadh na háite a bhformhór.

Tuigim freisin:

—gur tháinig méadú 867, sa tréimhse ó 1 Eanáir, 1974 go 30 Meitheamh, 1976, ar líon na bhfostaithe lánaimsearacha ar fud na Gaeltachta faoi scáth Ghaeltarra, agus

—go raibh 1,175 dhuine fostaithe go lánaimsearach faoi scáth Ghaeltarra i nDún na nGall ar 30 Meitheamh, 1976.

Top
Share