d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid atá caite ag a Roinn ar chúrsaí tionsclaíochta i nGaeltacht Chiarraí ó Eanáir, 1974 anuas agus cé mhéid daoine atá fostaithe go lánaimsireach dá bharr.
37. D'fhiafraigh
Vol. 295 No. 6
d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid atá caite ag a Roinn ar chúrsaí tionsclaíochta i nGaeltacht Chiarraí ó Eanáir, 1974 anuas agus cé mhéid daoine atá fostaithe go lánaimsireach dá bharr.
37. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid ará caite ag a Roinn ar Chorcaí ó Eanáir, * 1974 anuas agus cé mhéid daoine atá fostaithe go lánaimsireach dá bharr.
Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceist a 36 agus Ceist a 37 le chéile. Ba mhaith liom go dtuigfí gur iarracht leanúnach a bhíonn ar siúl i gcúrsaí tionsclaíochta agus nach mbíonn baint dhíreach ag an gcaiteachas i dtréimhse áirithe leis an méadú fostaíochta i rith na tréimhse sin sa mhéid gur i ndiaidh na tréimhse a bhíonn toradh ó thaobh fostaíochta ar chuid den chaiteachas.
Maidir le caiteachas ar chúrsaí tionsclaíochta ó 1 Eanáir, 1974 i leith, tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur caitheadh timpeall £1,190,000 i nGaeltacht Chiarraí agus £1,025,000 i nGaeltacht Chorcaí.
Tuigim freisin gur tháinig athruithe mar seo a leanas ar an bhfostaíocht lánaimsireach faoi scáth Ghaeltarra sa tréimhse ó 1 Eanáir, 1974 go 30 Meitheamh, 1976:
—méadú 54 dhuine i nGaeltacht Chiarraí agus
—laghdú naonúir i nGaeltacht Chorcaí.
Ar ndóigh, beidh tuilleadh fostaíochta ag teacht as cuid den chaiteachas atá luaite agam.