Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Feb 1977

Vol. 296 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Tithíochta.

40. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard iad na hoileáin atá le deontais bhreise tithíochta a fháil; agus cén uair a bheas an ráiteas a rinne sé faoin gceist seo ina dhlí.

Is iad na hoileáin atá i gceist na Toraigh, Inis Bó Finne agus Árainn Mhór i gContae. Dhún na nGall, Oileáin Árann i gContae na Gaillimhe agus Cléire i gContae Chorcaí. Tá feidhm anois le méadú 50 faoin gcéad ar na deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) d'oibreacha tógála a gcuirfear tús leo ar na hoileáin sin as so amach agus déanfar leasú dá réir ar na hAchtanna a luaithe is caothúil.

Cad mar gheall ar na Blascaoidí?

Braitheann sin ar an líon daoine a bhéas ann as seo amach.

Top
Share