den Taoiseach cad é daonra na gceantar Gaeltachta.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Daonra na Gaeltachta.
B'é 71,521 an líon daoine a áiríodh ag an Daonáireamh, 1971, san nGaeltacht mar a mhínítear sin le hOrduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956, 1967 agus 1974.
Cathain a tógadh an tuairisc sin?
I 1971.
Tá sé thar a beith tábhachtach go mbeadh na sonraí sin níos fearr ná na cinn a tógadh i 1971.
(Cur isteach.)
An bhfuil an Rúnaí Parlaiminte ag rá anois go bhfuil níos mó daoine sa Ghaeltacht ná mar a bhí i 1971 agus, má sé sin á rá aige, cén áit a fuair sé na sonraí?
Sa Ghaeltacht—óna daoine atá ag teacht abhaile ó Mheiriceá agus ó Shasana agus atá ag tógáil tithe i nDaingean Uí Chúise.
Tá an Rúnaí Parlaiminte ag tabhairt freagra ar son an Taoisigh. An bhfuil sé ag rá leis an Teach seo go bhfuil sé cinnte go bhfuil níos mó daoine sa Ghaeltacht anois ná mar a bhí i 1971?
Tá——
(Cur isteach.)
An bhfuil an Rúnaí Parlaiminte ag rá go mbaineann an rud céanna le chuile áit sa Ghaeltacht?
(Cur isteach.)