d'Aire na Gaeltachta cé mhéad daltaí scoile sa Ghaeltacht a fuair an deontas deich bpunt i 1976.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Deontas £10.
Iocadh an deontas £10 i leith 7,581 dalta go dtí seo.
An féidir leis an Aire a rá cén caoi a dtéann sé sin i gcomparáid le híocaíocht na bliana roimhe?
Tá eolas anseo agam nach ceart don Teachta a fháil maidir leis an gceist a chuir sé síos. Ach tá an leibhéal mar an gcéanna, breis agus 7,000 in aghaidh na bliana.
An féidir leis an Aire a rá freisin cén caoi a dtagann na figiúirí seo má déantar comparáid idir lán-thinreamh na scoileanna i gceist?
Aontóidh an Teachta liom gur ceist eile í sin. Níl an t-eolas sin ar fáil. Tá sé an-dheacair eolas mar sin a chur ar fáil. Is ceist shimplí a chuir an Teachta síos. Bhí sé ag lorg na bhfigiúirí don scoilbhliain reatha.
Tuigfidh an tAire go raibh mé ag lorg na bhfigiúirí ionas go bhfeicfinn cen caoi a bhí labhairt na Gaeilge sna scoileanna sa Ghaeltacht. Tá mé ag fiafraí den Aire an bhfuil aon tuairim aige fiú amháin cé mar a ndeacaigh sé sin i gcomparáid le lánthinreamh sna scoileanna?
Níl an t-eolas sin agamsa ach, cinnte, féachfaidh mé isteach ann agus gheobhaidh mé an céatadán nó an percentage.