d'Aire na Gaeltachta cén íocaíocht sheachtainiúil a fuair na mná tí sa Ghaeltacht a choinnigh foghlaimeoirí le trí bliana anuas; agus cé mhéid a gheobhaidh siad i mbliana.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Mná Tí na Gaeltachta.
Seo a leanas an deontas seachtainiúil a íoctar le mná tí Gaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge:—£3.50 i 1972; £7.00 i 1973 agus 1974; £8.75 i 1975 agus 1976; agus £9.80 i 1977.
An bhfuil an tAire sásta go bhfuil sé ag déanamh cúitimh lena mná tí ag féachaint ar an árdú atá tagtha ar an gcostas maireachtála ó anuraidh go dtí i mbliana?
Sílim go bhfuil mná tí na Gaeltachta an-sásta ar fad. Cuir i gcás, in 1972 d'íoc mo Roinnse £162,000 do mhná tí na Gaeltachta agus i 1976 d'íocamar beagnach £½ mhilliún agus tá sé measta anois árdú breise a thabhairt i mbliana agus meastar go mbeidh £550,000 ann—sé sin, thar £½ mhilliún do mhná tí na Gaeltachta.
Nach dtuigeann an tAire go bhfuil an-dílúcháil airgid ann le cúpla bliain anuas agus an bhfuil sé sásta gur leor anois an méid atá i gceist aige?
Tá méadú 180 faoin gcéad tugtha ó 1972, sé sin, ó tháinig an Comhrialtas i gcumhacht.
Bhí fó-thoghachán so Ghaeltacht agus do bhailigh an tAire na mná tí go léir le chéile bliain amháin chun a rá leo go raibh sé chun árdú fé leith a thabhairt dóibh. Níl aon fhó-thoghachán i mbliana de réir dealraimh.
Tugadh árdú 100 faoin gcéad i 1973, 25 faoin gcéad i 1975 agus anois i mbliana arís 12 faoin gcéad.
Ceist a 6.
(Cur isteach.)
Tá beagnach 27 faoin gcéad ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar na cúrsaí samhraidh anois i gcomparáid le——
An chéad cheist eile.