Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Apr 1977

Vol. 298 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leibhéil Údaráis.

12. D'fhiafraígh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na leibhéil údaráis atá aige agus ag Gaeltarra Éireann maidir le (i) deontais chaipitil (ii) barántais iasachtaí (iii) caipiteal fiontrach agus deontais iasachtaí (iv) deontais traenála (v) deontais taighde agus forbartha (vi) scaireanna agus (vii) deontais chaipitil i gcás scaireanna a bheith i gceist.

Tá cumhachtaí reachtúla Ghaeltarra Éireann, maidir le scaireanna a ghlacadh agus deontais a thabhairt chun tionscail a chur chun cinn, leagtha síos sna hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta.

Le toiliú uaimse, tar éis dom dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, tá cumhacht ag Gaeltarra scaireanna a ghlacadh agus deontas a thabhairt do chomhlacht corpraithe ina bhfuil scaireanna aige agus níl teorainn reachtúil leagtha síos ná deontais do chuspóirí eagsúla sonraithe.

I gcásanna eile, nuair nach mbíonn infheistíocht aige sna scaireanna, tá cumhacht ag Gaeltarra deontais a thabhairt suas go dtí £5,000 nó cibé suim is airde ná sin a bheidh údaraithe agamsa le toiliú an Aire Airgeadais; faoin bhforáil sin tá údarás ginearálta tugtha do Ghaeltarra chun deontais suas go dtí £100,000 a thabhairt agus níl deontais do chuspóirí éagsúla sonraithe.

Níl aon chumhacht reachtúil ag Gaeltarra chun iasachtaí a thabhairt ná dul i mbannaí ar iasachtaí.

Níor chuala mé an freagra ar fad a thug an tAire ach ba mhaith liom a iarraidh air an bhfuil sé fíor go bhfuil an tÚdarás Forbartha Tionscal in ann téarmaí agus deontais i bhfad níos fábharaí a thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag lorg ionad chun tionscal nua a thosú agus go bhfuil sé seo ag cur as do Ghaeltarra Éireann?

Faoi Achtanna um Thionscail na Gaeltachta tá cumhachtaí leathna ag Gaeltarra Éireann agus ag Aire na Gaeltachta, ach mar eolas don Teachta, bhuail mé le Bord Ghaeltarra Éireann i rith na Cásca. Phléigh bord ceisteanna an Údaráis agus leibhéil na ndeontas liomsa. Fuair mé moltaí uathu agus tá siad siúd á mbreithniú faoi láthair.

An fíor go bhfuil an tÚdarás Forbartha Tionscal in ann deontais caipitil de £850,000 a thabhairt agus nach bhfuil cead ag Gaeltarra Éireann ach suas le £100,000: agus an bhfuil sé fíor gur chaill siad tionscail nua do na ceantair Ghaeltachta os rud é go raibh an tÚdarás in ann tearmaí níos fábharaí a thabhairt do na h-únaerí.

Tá anois agus, chomh fada agus is eol domsa, bhi riamh difríocht idir leibhéil na ndeontas a iocan an Foras Tionscal nó an IDA agus iad siúd atá á n-íoc ag Gaeltarra Éireann. Mar a dúirt mé, fuair mé moltaí ó Ghaeltarra Éireann agus tá siad á mbreithniú faoi láthair.

Níor thug an tAire freagra ar an cheist a chuir mé. An bhfuil sé fíor gur chaill Gaeltarra Éireann roinnt tionscal nua os rud é go raibh an IDA in ann téarmaí níos fábharaí a thabhairt?

Níl aon eolas agamsa faoi sin. Má tá aon chás i gceist ag an Teachta, féachfaidh mé isteach sa scéal.

An ndúirt an tAire nach raibh teorainn reachtúil i gcásanna áirithe?

Léifidh mé cuid den fhreagra arís:

...tá cumhacht ag Gaeltarra scaireanna a ghlacadh agus deontas a thabhairt do chomhlacht corpraithe ina bhfuil scaireanna aige agus níl teorainn reachtúil leagtha síos ná deontais do chuspóirí eagsúla sonraithe.

Sin cásanna ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra Éireann. Maidir leis na cásanna nach mbíonn infheistíocht ag Gaeltarra Éireann—tugtar miontion scail orthu—bhí údarás ag Gaeltarra Éireann deontas suas go £5,000 a thabhairt. Tá sé sin méadaithe anois go £100,000, agus níl deontais do chuspóirí eagsúla sonraithe.

Más rud é go raibh an chontúirt ann go gcaillfeadh Gaeltarra Éireann tionscail, nach bhféadfadh Gaeltarra Éireann scaireanna a ghlacadh nuair nach raibh aon teorainn reachtúil leagtha síos sa chás sin ionas nach gcaillfeadh Gaeltarra Éireann an tionscal don IDA agus do cheantar nach bhfuil sa Ghaeltacht?

Is mar seo atá an scéal. Tá údarás ag Gaeltarra Éireann deontais a íoc suas go £100,000. I gcásanna ina mbíonn an deontas níos mó ná sin bíonn ar Ghaeltarra Éireann scaireanna a ghlacadh sa tionscal agus cead a fháil uaimse tar éis dom dul i gcomhairle leis an Aire. Sé an deacracht atá ag Gaeltarra Éireann ná, cé go bhfuil an túdarás méadaithe ó £5,000 go £100,000, measann an bord go mba chóir an figiúr sin, £100,000 a mhéadú arís.

I gcás ina mbíonn deontais chaipitil níos mó ná £200,000, níl aon chumhacht ag Gaeltarra Éireann agus níl aon chumhacht ag an Aire cead a thabhairt, agus dúirt sé go raibh anois.

Nuair a bhíonn an deontas níos mó ná £100,000 caithfidh Gaeltarra Éireann cead a fháil uaimse.

Nach bhfuil sé fíor——

Caithfimid dul ar aghaidh go ceist eile.

Ós rud é nach bhfuil mé sásta le freagra an Aire, ba mhaith liom an cheist a phlé ar an Athló.

Cuirfidh mé scéal chuig an Teachta.

Top
Share