Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 23 Feb 1978

Vol. 304 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltarra Éireann.

14. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth nár cuireadh obair ar bith á déanamh fós i monarcha Ghaeltarra Éireann in aice le Coláiste Lurgan i gCois Fharraige, Contae na Gaillimhe, cé go bhfuil sí críochnaithe le sé mhí.

Glacaim agam gur monarcha a thóg Corrib Confectionery Ltd atá i gceist ag an Teachta. Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil an táirgeacht ar siúl sa mhonarcha sin le cúpla seachtain.

An mbeidh siad in ann rud éigin a dhéanamh ansin?

Sílim go bhfuil siad ag obair ansin anois.

Top
Share