Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 May 1978

Vol. 306 No. 2

Written Answers. - Labhairt na Gaeilge.

99. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na bearta a rinne sé ó ghlac sé oifig chun úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga a fhorbairt agus a chur chun cinn i nGaeltacht Acla, Contae Mhaigh Eo.

Chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn in aon cheantar is amhlaidh a bhítear ag brath ar an bpobal féin—agus go háirithe ar chomharchumann forbartha má bhíonn a leithéid ann—agus bímse sásta cabhrú ar feadh mo chumais chun aon mholtaí fiúntacha uathu a chur i gcrích.

Top
Share