Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 May 1978

Vol. 306 No. 2

Written Answers. - Féilí Áitiúla.

100. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige leanúint de pholasaí a ghríosann coistí féile áitiúla, de shaghas an "Rose of Tralee Festival", chun an Ghaeilge agus imeachtaí cultúrtha a bheith go sonrach ar a gclár; agus cad iad na socruithe atá idir lámh do shéasúr féile 1978.

Is mian liom go ndéanfadh coistí áitiúla gach dícheall chun an Ghaeilge agus an cultúr dúchais a chur chun cinn sna féilte a bhíonn á reachtáil acu. Bíonn cúnamh áirithe ar fáil ó mo Roinn féin, taobh istigh den Ghaeltacht, ó eagrais a fhaigheann deontais ón Roinn, ó Bhord na Gaeilge agus ó Ghaeltarra Éireann. Bíonn caidreamh leanúnach ar siúl agus tuigim nach bhfuil socruithe cinnte déanta fós don bhliain reatha.

Top
Share