d'Aire na Gaeltachta cad iad na hoileáin Ghaeltachta a raibh soláthar leictreachais acu roimh an 31 Nollaig 1972; agus cad iad na hoileáin a fuair an tseirbhís leictreachais ó shin.
Written Answers. - Soláthar Leictreachais dona hOileáin.
Is i Mí Feabhra 1969 a d'fhógair an Rialtas go ndéanfaí socruithe speisialta chun soláthar leictreachais a chur ar fáil ar na hoileáin Ghaeltachta a raibh leorlíon daoine orthu.
Córas giniúna leictreachais, le deontas lánchostais ó Roinn na Gaeltachta, a bhí i gceist ach comharchumann ar gach oileán a bheith sásta é a reachtáil.
Roimh 31 Nollaig 1972 bhí an córas curtha ar fáil ar Chléire, Co. Chorcaí, agus socruithe á ndéanamh chun é a chur ar fáil ar Thoraigh, Co. Dhún na nGall, agus ar Inis Oírr, Co. na Gaillimhe. Ó shin críochnaíodh an obair ar Thoraigh, Inis Oírr agus Inis Mór. Níl an obair críochnaithe go hiomlán ar Inis Meáin fós.
Ní miste a lua go bhfuil cead ag mo Roinnse don chéad uair ó mhí Meán Fómhair 1977 ar aghaidh deontais a thabhairt chun laghdú a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le leictreachas a ghiniúint ar Oileáin Ghaeltachta.