d'Aire na Gaeltachta cad iad na hoileáin a raibh seirbhís uisce reatha acu roimh an 31 Nollaig 1972; agus cad iad na hoileáin a bhfuil an tseirbhís sin anois acu.
Written Answers. - Seirbhísí Uisce Reatha.
104. D'fhiafraigh
Roimh an 31 Nollaig 1972 bhí seirbhísí áirithe uisce reatha, le cabhair ó mo Roinnse,
—curtha ar fáil ar Inis Mór, Co. na Gaillimhe, agus ar Inis Bigil, Co. Mhaigh Eo, agus
—á gcur ar fáil ar Chléire, Co. Chorcaí, Inis Oírr, Co. na Gaillimhe, agus Acaill Co. Mhaigh Eo (críochnaíodh scéimeanna éagsúla de réir a chéile); agus
—ceadaithe d'Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall.
Óshin i leith ceadaíodh scéimeanna breise d'Inis Mór agus d'Árainn Mhór agus níl siad críochnaithe fós.