Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 May 1978

Vol. 306 No. 2

Written Answers. - Mic Léinn Gaeltachta.

107. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén líon iomlán scoláireachtaí a bhronn a Roinn agus Gaeltarra Éireann ar mhic léinn Choláistí Réigiúnacha Teicneolaíochta (a) roimh 1973 agus (b) ó 1973 i leith.

Is bliain nó dhó roimh 1973 a osclaíodh na Ceardcholáistí Réigiúin agus tá cúnamh mar seo a leanas tugtha do mhic léinn áirithe Gaeltachta a rinne freastal orthu: (a) roimh 1973: liúntais ó mo Roinnse faoi Scéim na gCúrsaí Oiliúna do bheirt; agus (b) ó 1973 i leith: liúntais ó mo Roinnse faoi Scéim na gCúrsaí Oiliúna do 71 scoláireachtaí ó mo Roinnse faoi scéim speisialta do 49 agus scoláireachtaí ó Ghaeltarra Éireann do 28.

Top
Share