d'Aire na Gaeltachta an mó tionscnamh for-bartha eacnamaíochta, beartais tionsclaíocha san áireamh, a cheadaigh a Roinn agus Gaeltarra Éireann (a) i gceantar na n-oileán, Conamara, agus (b) i gceantar Dhúiche Sheoigheach, Conamara, idir (a) 1969 agus 1973, agus (b) idir 1 Aibreán 1973 agus 5 Iúil 1977; agus meastachán ar an suim iomlán airgid a bhí i gceist i ngach tréimhse den dá thréimhse.
Written Answers. - Tionscnaimh Fhorbartha Eacnamaíochta.
108. D'fhiafraigh
Ní raibh na comhar-chumainn sna ceantair sin a luaitear thíos i mbun oibre roimh 1 Aibreán 1973 ach idir an dáta sin agus 5 Iúil 1977 d'íoc mo Roinnse na deontais seo a leanas leo faoi scéim a ceapadh sa bhliain 1966:
Comharchumann na nOileán £40,932, agus
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach £89,640.
Tuigtear ó Ghaeltarra Éireann gur ceadaíodh tionscnaimh mar seo a leanas faoi na cumhachtaí a cuireadh ar fáil sa bhliain 1965:
(a) i gceantar na nOileán, Conamara:
7 dtogra agus suim £13,625 mar dheontais ó 1 Aibreán 1973 go 5 Iúil 1977;
(b) i nDúiche Sheoigheach:
4 thogra agus suim £9,010 mar dheontais ó 1 Eanáir 1969 go 31 Márta 1973, agus
8 dtogra agus suim £50,090 mar dheontais ó 1 Aibreán 1973 go 5 Iúil 1977.