Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 May 1978

Vol. 306 No. 2

Written Answers. - Monarchana i nGhaeltacht Chonamara.

240. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) an líon monarchan, agus a n-ainm agus suíomh, i nGaeltacht Chonamara ar le Gaeltarra Éireann iad (b) an líon monarchan, agus a n-ainm agus suíomh, i nGaeltacht Chonamara ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra Éireann (c) an líon oibrí atá fostaithe i ngach monarcha díobh (d) an líon bainisteoirí, agus a nainmneacha, atá ag feidhmiú i ngach monarcha thar ceann Ghaeltarra Éireann (e) an líon gluaisteán comhlachta atá in úsáid ag gach bainisteoir díobh.

Tugtar eolas áirithe a fuarthas í Ghaeltarra Éireann sa tábla thíos. Ní go díreach thar ceann Ghaeltarra ach thar ceann na gcomhlachtaí atá i gceist a bhíonn na bainisteoirí ag feidhmiú agus ní fhoilsítear eolas faoi mar atá á lorg ina dtaobh.

Monarchana ar le Gaeltarra Éireann iad i nGaeltacht na Gaillimhe.

(1) Ar cíos ó Ghaeltarra ag comhlachtaí ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra:

Suíomh

Ainm

Fostaíocht

ar 31/12/77

Na Forbacha

U.C.C. (Datacom) Teo

26

An Spidéal

Plastarra Teo

76

An Spidéal

Jetmara Teo

14

An Spidéal

Monmara Teo

20

An Spidéal

Arantex Teo

43

Indreabhán

CME Teo

30

Indreabhán

Meic Teo

39

Indreabhán

Asil Teo

10

Ros an Mhíl

Éisc Teo

11

Ros an Mhíl

Oisrí Teo

An Cheathrú Rua

Beanna Beola Teo

35

An Cheathrú Rua

Contec Teo

214

An Cheathrú Rua

I.P.C. Teo

8

Ros Muc

A.B.M. (Ros Muc) Teo

12

Carna

A.C.M. Teo

7

Carna

Beirtreach Teo

24

Corr na Móna

Rovings (Éire) Teo

13

Inis Mór

Telectron na Farraige Móire Teo

13

(2) Ar cíos ó Ghaeltarra ag tionscail eile:

Suíomh

Ainm

Fostaíocht

ar 31/12/77

Indreabhán

Cló Chois Fharraige Teo

8

Casla

Duco Engineering Teo

25

An Cheathrú Rua

Stocaí Teo

9

Cill Chiaráin

Bia Chill Chiaráin Teo

16

Carna

Soilse Charna Teo

15

Top
Share