Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Dec 1978

Vol. 310 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Donegal Fish Landing Facilities.

8.

asked the Minister for the Gaeltacht the proposals to fund and execute improvements to fish landing anchorage facilities at (i) Curransport; (ii) Downings; and (iii) Meevagh, County Donegal.

(i) Ceadaíodh deontas d'oibreacha áiríthe feabhsúcháin ag Port Uí Chorráin ach ní raibh iascairí an cheantair sásta leo. Beifear i gcomhairle leis na hiascairí arís go luath. (ii) Cheadaigh mé deontas i mí Feabhra seo caite mar chabhair don chomhairle chontae chun damáiste stoirme ar an bpiara sna Dúnaibh a dheisiú agus tuigim go bhfuil cuid mhór den obair sin déanta. (iii) Cheadaigh mé deontas i mí Iúil 1977 le go bhféadfaí fánán, crann tochrais, bádchlós agus bealach isteach a réiteach ag Míobhaigh ach níor éirigh leis an gcomhairle chontae talamh a bheadh ag teastáil a chur ar fáil go fóill.

Top
Share