Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Dec 1978

Vol. 310 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim na Nuachta Reatha.

9. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an leathnóidh sé scóip Scéim na Nuachta Reatha i nGaeilge chun ailt agus míreanna eile sa Ghaeilge, seachas díreach míreanna nuachta, a chlúdach.

10. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é an uair dheireanach a leasaíodh Scéim na Nuachta Reatha i nGaeilge atá á reachtáil ag a Roinn.

11. D'fhiagraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na híocaíochtaí a cheadaítear de réir Scéim na Nuachta Reatha i nGaeilge.

12. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon phlean aige chun na híocaíochtaí a dhéantar faoi Scéim na Nuachta Reatha i nGaeilge a ardú go tráthrialta.

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceisteanna a 9 go 12 le chéile agus cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil cóip den scéim mar atá sí ón mbliain 1970 i leith.

Feicfear go mbaineann an scéim le cúrsaí reatha chomh maith le nuacht. Ní miste a lua gur scríobh mo Roinnse sa bhliain 1976 chuig eagarthóirí na nuachtán a fuair tairbhe na scéime roimhe sin ag lorg moltaí chun aon deacrachtaí a bhí acu a shárú. Ó tharla nach bhfuarthas moltaí uathu is cosúil nach raibh rátaí na ndeontas ag cur as dóibh.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an scéim faoi láthair agus, má thig leis an Teachta tuairimí ó aon nuachtán a sheoladh chugam, beidh áthas orm iad a chur san áireamh. Seo a leanas cóip den scéim:

Roinn na Gaeltachta.

SCÉIM NA NUACHTA REATHA I nGAEILGE.

1. Chun nuacht reatha i nGaeilge a chur ar fáil go rialta do léitheoirí nuachtán féadfaidh an Roinn deontais a thabhairt do nuachtán a dhéanfaidh socrú sásúil chun—

(a) nuacht nó cúrsaí reatha i nGaeilge a fhoilsiú go rialta, agus

(b) duine a ainmniú le bheith freagrach, faoi threoir an eagarthóra, i mbailiú agus in eagarthóireacht nuachta Gaeilge don nuachtán sin.

2. Is de réir na rátaí seo a leanas a íocfar deontais faoin Scéim seo—

(a) don nuachtán (faoi mhír 1 (a) thuas):

(i) neamhní i leith ábhair Ghaeilge faoi bhun 1 cholúin,

(ii) £3 an colún Gaeilge i leith ábhair suas go dtí 3 cholún (agus an tríú colún a áireamh),

(iii) £4 an colún Gaeilge i leith ábhair de bhreis ar 3 cholún, agus

(b) don duine a ainmneofar faoi mhír 1 (b) thuas: £1 an colún Gaeilge gan dul thar £5 sa tseachtain.

Ní rachaidh an deontas faoi (a) den mhír seo thar £21 sa tseachtain i gcás nuachtáin ar bith; colúin timpeall 1,000 focal atá i gceist.

3. Ní thabharfar deontas mura mbeidh an Roinn sásta—

(a) go bhfuil fiúntas san ábhar agus go bhfuil an Ghaeilge go maith.

(b) go bhfuil an caighdeán oifigiúil litrithe agus gramadaí agus an cló Rómhánach á n-úsáid go forleathan san ábhar nó á gcur in úsáid amhlaidh de réir a chéile, agus

(c) go ndéantar an t-ábhar Gaeilge a scaipeadh go maith ar cholúin nuachta an nuachtáin.

4. Is go dtí an Rúnaí, Roinn na Gaeltachta, 1 Sráid na Mórchanála Iocht., Baile Átha Cliath, 2, ba chóir iarratas ag lorg cabhrach faoin scéim a chur. Má bhíonn an t-ábhar céanna á fhoilsiú ar níos mó ná nuachtán amháin (mar shampla, ar dhá nuachtán de chuid aon ghnólachta áirithe) ní cóir cabhair ina leith a lorg ach do nuachtán amháin díobh.

5. Is ag Aire na Gaeltachta a bheidh an bhreith dheiridh ar gach ní a bhainfidh leis an scéim seo agus ní bheidh aon dul thairis sin.

An bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil sé sásta leis an scéim mar atá sé?

Is féidir liom a rá nach bhfuil sé ro-shásúil. Níl ag dul leis na páipéir ach £3 sa lá, nó £21 sa tseachtain. Nuair atáimíd ag caint faoi chúrsaí airgid an lae inniu is beag is fiú an cineál sin deontais.

B'fhéidir go mbeidh athrú ar an scéim mar sin.

Sin é an rud atá i gceist agam. Táimíd ag iarraidh ar na nuachtáin cén cineál scéim a ba mhaith leo bheith acu.

Top
Share