d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon phlean aige chun an Coláiste Gaeilge ar Oileán Chléire a mhéadú.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cólaiste Gaeilge Oileán Chléire.
16. D'fhiafraigh
Chun cúrsai Gaeilge a reachtáil i gceantar Ghaeltachta baintear feidhm as foirgnimh éagsúla agus, mura leor na foirgnimh a bhíonn ar fáil sa ghnáthshlí, is gnó do na daoine a bhíonn i mbun na gcúrsaí cóiríocht bhreise sa cheantar a lorg; má mheasann siad nach féidir freastal i gceart ar na daltaí gan tógáil a dhéanamh tig leo iarratas dá réir a chur ag aghaidh. Ní bhfuair mé iarratas mar sin do choláiste ar Chléire.