Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 May 1979

Vol. 314 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comharchumainn Ghaeltachta.

17. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth nach bhfuil reachtaíocht shásúil ag Bord Ghaeltarra le tacaíocht speisialta airgid a thabhairt do Chomhárchumainn Ghaeltachta le bonn ceart eacnamúil a chur fúthú.

Ní léir dom céard díreach atá i gceist ag an Teachta le "tacaíocht speisialta airgid" ach táim sásta go mbíonn fáilte i gcónaí roimh thograí fiúntacha ó chomharchumainn agus go dtugtar cúnamh fial chun iad a chur chun cinn.

An bhfuil fhios ag an Aire go bhfuil argóint ar siúl faoí láthair idir na comharchumainn agus Gaeltarra Éireann?

Níl fhios agam go díreach céard atá i gceist ag an Teachta nuair a deireann sé go bhfuil argóint——

Comharchumann i nGaillimh. Níl Gaeltarra ag tabhairt aon áird orthu.

Tá foireann iomlán fostaíthe ag Gaeltarra le gach ceist atá os a gcomhair a mheas agus a phlé, agus sé an t-eolas atá agam ná go n-éistíonn siad go báúil le tógra ar bith ina bhfuil fiúntas ann a chuirtear ós a gcomhair. Bheadh iontas orm éisteacht nár thug siad áird ceart agus báúil do thógra ar bith, go mór mhór ó na comharchumainn, ó thárla go bhfuil páirt chomh tábhachtach sin ag na comharchumainn sna Gaeltachtaí ar fad.

An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil sé sásta leis an tslí ina bhfuil rudaí idir Gaeltarra agus na comharchumainn faoí láthair? An bhfuil aon argóint ar siúl? An bhfuil sé sásta leis an chaoi a bhfuil Gaeltarra ag obair? Measaim go bhfuil siad ag obair i gcoinne na gcomharchumann.

Is é an nós atá ann go gcuireann na comharchumainn na tógraí atá acu os comhair Ghaeltarra Éireann; deineann Gaeltarra gach tógra a mheas agus má tá siad sásta go bhfuil sé fiúntach cuireann siad an tógra sin os comhair bhoird Ghaeltarra agus deineann siad san cinneadh de réir na moltai atá tugtha ag Gaeltarra ar gach tógra.

An bhfuil an tAire sásta faoi gach rud atá ar siúl faoi láthair idir na comharchumainn agus Gaeltarra?

Ní bhfuair mé féin aon chlamhsán ó na comharchumainn go ginearálta, ach tá a fhios agam go bhfuil comharchumainn ann a bhfuil sé de nós acu dul ar aghaidh agus scéimeanna a chur chun cinn iad féin sula mbionn meas déanta orthu ag Gaeltarra nó ag Roinn na Gaeltachta. Ansin, tagann siad isteach nuair a bhionn na mílte punt caite acu agus ceapann siad nach bhfuil ag teastáil uathu ach a mbéil a oscailt chun an t-airgead sin a fháil ó Ghaeltarra agus ón Roinn. Mar adúirt mé, nuair atá tógra ag comharchumainn agus má chuireann siad os comhair Ghaeltarra é agus nuair a bhíonn meas déanta acu air, tá mé cinnte go dtugann Gaeltarra agus an Roinn gach cabhair don chomharchumann sin.

An bhfuil an tAire sásta leis an slí a bhfuil rudaí ag imeacht idir na comharchumainn agus Gaeltarra?

Tá mé sásta cothrom na Féinne a thabhairt do gach comharchumann. Bhí mé féin im rúnai ar chomharchumann sular tháinig mé isteach anseo agus tá fhios agam go rimhaith céard tá ar siúl acu.

18. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth nach bhfuil comhaltaí Bhord Ghaeltarra sásta le toscairí ó Chomharchumann Gaeltachta le héisteacht lena ndeacrachtai agus a bpleananna forbartha.

Is go páirtaimseartha a bhíonn comhaltaí an bhoird ag feidhmiú agus ní bheadh ar a gcumas féin bualadh le gach uile dhream a bhíonn ag lorg cúnaimh ó Ghaeltarra Éireann. Is amhlaidh atá foireann lánaimseartha acu chun iarratais agus pleananna a scrúdú agus a chur faoina mbráid. Tuigim go bhfuil treoir ag an bhfoireann ón mbord breithniú báúil a dhéanamh ar iarratais ó chomharchumainn agus go meastar gur ar an mbealach eagraithe sin is fearr is féidir obair Ghaeltarra agus leas na gcomharchumann a chur chun cinn.

The Minister gave me the clear indication that he would be prepared to meet the comharchumainn which have differences of opinion with Gaeltarra Eireann. If he is prepared to honour that undertaking I am satisfied.

Táim sásta buaileadh le haon dream a bhfuil tógra acu.

Top
Share