Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Mar 1980

Vol. 318 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - údarás na Gaeltachta Property Use.

19.

asked the Minister for the Gaeltacht if her attention has been drawn to the use of property (details supplied) belonging to údarás na Gaeltachta as a warehouse for shoes imported from Third World countries and if she will make a statement on the matter.

Tuigim ó údarás na Gaeltachta gur cuireadh an mhonarcha sin ar fáil le déanaí do chomhlacht i gCorcaigh chun tionscal a bhunú inti agus go mbeidh daoine á roghnú go luath lena n-oiliúint don tionscal. Níl sé i gceist ar chor ar bith go leanfadh an mhonarcha mar stór d'earraí ó thíortha eile.

An bhfuil an tAire sásta gur ceart monarcha a úsáid mar warehouse.

Níl. Labhair an Teachta liom ina thaobh seo cúpla seachtain ó shin, agus tá sé deimhnithe anois go mbeidh fógra san Kerryman an tseachtain seo ag lorg daoine ag dul ag obair sa mhonarchan céanna agus, fiú amháin, go bhfuil roinnt ainmneacha faighte cheana féin chuige sin.

Cad é an cíos atá údarás na Gaeltachta ag fáil?

An rud a bhionn ann de ghnáth ná go mbíonn an mhonarcha saor ar feadh tréimhse áirithe. So chás seo tá an mhonarcha saor ó chíos ar feadh dhá bhliain, ach níl aon airgead thairis sin ioctha ag údarás na Gaeltachta leis an gcomhlacht.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire, ar tugadh cead do na daoine seo an foirgneamh a úsáid mar stór?

An raibh a fhios ag an Aire go raibh sé á úsáid mar stór?

Ní raibh a fhios agam go raibh sé á úsáid mar stór go dtí gur labhair Teachta Begley liom faoi cúpla seachtain ó shin.

Top
Share