Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Mar 1980

Vol. 318 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cumhachtaí údarás na Gaeltachta.

20. D'fhiafraigh

d' Aire na Gaeltachta ar iarr Udarás na Gaeltachta a thuilleadh cumhachtaí agus cad iad na cumhachtaí breise atá á lorg acu.

Níor iarr údarás na Gaeltachta aon chumhachtaí breise go fóill.

An mbeidh tuilleadh cumhachtaí le fáil acu? Bhfuil an tAire sásta leis an méid a dúradh cúpla lá ó shin, nach bhfuil an túdarás réidh fós le haghaidh cumhachtaí breise?

Beidh orthu i dtús aire a thabhairt do chúrsaí tionsclaíochta sa Ghaeltacht. Nuair a bheidh sé sin déanta beidh mise sásta, má tá a thuilleadh cumhachtaí ag teastáil uathu, iad a thabhairt dóibh.

Cad tá le rá ag an Aire faoi ráiteas an phríomhoifigigh?

Is féidir le údaras na Gaeltachta aontú nó easaontú leis an rud a deireann an príomhoifigeach feidhmiúcháin. Tá a fhios ag an Teachta na tuairimí a bhí ag baill an údaráis faoi chumhachtaí breise.

An bhfuil a fhios ag an Aire an raibh an príomhoifigeach ag caint go pearsanta.

Níl a fhios agam.

Cén sórt cumhachtaí atá i gceist ag an Aire? An mbeadh cursaí pleanála i gceist aici sna cumhachtaí breise seo don údarás.

Níl cumhachtaí ar bith i gceist agamsa. Tá siad i gceist ag baill Udarás na Gaeltachta—na comhaltaí a toghadh ar an mbord agus a ainmniódh. Ní bhfuaireamar aon iarratas go fóill. Má thagann iarratas, is cuma cén sórt ceiste atá ann, i dtaobh pleanála, oideachais nó cúrsaí cineál ar bith eile, má deireann an tUdarás go bhfuil cumhachtaí mar sin ag teastáil uathu, gheobhaidh siad iad.

Maidir le cumhachtaí pleanála, an mbeadh an tAire sásta cumhachtaí mar sin a thabhairt dóibh, nó an ag an Aire atá an cumhacht sin?

Níl an cumhacht sin ag ceachtar againn. Tá an cumhact sin ag an Rialtas.

Top
Share