: Tairgim:
Go ndeonófar suim fhorlíontach nach nó ná £4,039,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1980, le haghaidh deontais-i-gcabhair don Udarás um Árd-Oideachas, d'Institiúidí agus Seirbhísí áirithe Ardoideachais agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
Beidh cuimhne ag Teachtaí gur glacadh leis an gcéad Meastachán Fóirlíontach, i méid £205,000, i leith Vóta 34 i Mí an Mheithimh imbliana. Theastaigh an t-airgead breise sin ó Bhord na nOspidéal i gCorcaigh chun cur ar a gcumas na dlitinis chonarthacha a bhain le tógáil an ospidéil nua fiaclóireachta ansin a choinneáil glanta go deireadh na bliana seo.
Anois tá an dara Meastachán Fóirlíontach á lorg, i méid £4,039,000, go príomha chun costais bhreise tuarastail ins na Colaistí lolscoile agus ins na hInstitiúidí Ainmnithe Ardoideachais a íoc. Baineann na costais bhreise seo le méaduithe tuarastail a cuireadh i bhfeidhm sna hinstitiúidí sin de thoradh moltaí Uí Dhoibhlin (Devlin) maidir le pá na n-ardoifigeach sa tseirbhís poiblí, agus de thoradh socruithe éagsúla eile a tugadh i gcrích tríd an gcóras idir-réitigh agus eadrána.
Chomh maith leis sin, táthar ag breith ar an bhfaill chun soláthar d'arduithe éagsúla pá sna hinstitiúidí eile a thagann faoin Vóta seo.
Seo iad na mionsonraí:
Fo-mhírcheann A.1: Ins an £43,000 atá á lorg anseo tá £30,800 a bhaineann le harduithe pá a tháining chun cinn i rith na bliana agus narbh fhéidir soláthar a dhéanamh dóibh sa mheastachán bhunaidh.
Fo-mhírcheann A.2: Tá iomlán breise de £3,823,000 ag teastáil i leith arduithe pá a tháinig chun cinn i gcaitheamh na bliana agus nár deineadh soláthar dóibh sna bun-mheastacháin. Seo iad na príomh neithe atá san áireamh:
Moltaí Uí Dhoibhlin (Devlin) arna gcur i bhfeidhm sna coláistí agus ins na hinstitiúidí ardoideachais, £2,139,600;
Ardaithe éagsúla pá a tugadh d'oibrithe neamh-acadúla trén gcóras idir-réitigh agus eadrána, £1,317,000;
Costas arduithe i ranníoca Leasa Shóisialaigh na bhfostóirí, £179,200;
Costais bhreise aoisliúntais, £95,500;
Riaráistí a bhain le cothromú pá, £38,100.
Fo-mhírceann B: Tá suim bhreise de £95,000 á lorg don Ospidéal Fiaclóireachta i mBaile Atha Cliath chun íoc as árdaithe speisialta tuarastail, ar a náirítear dámhachtain Uí Dhoibhlin. Is i leith mion-rudaí nach mbaineann le pá an £4,000 eile atá san áireamh anseo.
Fo-mhírceann E: Is i leith costais na n-árduithe speisialta pá (arduithe Uí Dhoibhlin ina measc) an £78,000 atá ag teastáil d'Institiúid Ardléinn Bhaile Atha Cliath.
Agus na méaduithe atá i gceist ins an Meastachán Fóirlíontach seo á gcur san áireamh, is é £58,812,000 an t-iomlán atá á chur ar fáil go dtí seo imbliana sa Vóta Ardoideachais, sin méadú de £7,253,000. Méadú suntasach é sin ar an dáiliú airgid a deineadh don ardoideachas anuraidh agus ar ndóigh ní áiritear ann an soláthar breise a bheidh le déanamh chun costas na comhthuisceana náisiúnta, gur glacadh léi le deireannas, a ghlanadh.
Seo iad na méaduithe go dti seo ar an soláthar a deineadh sa bhliain 1979, atá i gceist le gach fo-mhircheann den Mheastachán Fóirlíontach:
Fo-mhírcheann A.1 — £74,700; Fo-mhírcheann A.2 — £8,075,600; Fo-mhírcheann A.2 — £8,075,600; Fo-mhírcheann B — £193,000; Fo-mhírcheann E — £57,000.
Cuirim an Meastachán Fóirlíontach ós comhair na Dála Dá réir sin agus iarraim go nglacfar leis.