Tairgim:
Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1980, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.
Is é an príomhchuspóir atá leis an Meastachán Forlíontach seo ná £100,000 breise a chur ar fáil do na deontais a íocann mo Roinnse chun tithe a thógáil agus a fheabhsú ar fud na Gaeltachta. Tá an soláthar £800,000 a rinneadh sa Mheastachán Bunaidh caite cheana féin i mbliana. Is maith an comhartha é ar an dul chun cinn atá á dhéanamh sa Ghaeltacht nuair a bhíonn glaoch chomh mór sin ar na deontais tithíochta agus, dá réir sin, níl aon leisce ormsa teacht go dtí an Dáil chun tuilleadh airgid a fháil le freastal orthu. Ar ndóigh, tá na deontais féin go maith freisin ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht. Téann siad suas go £2,000 chun teach a thógáil, £750 chun teach a fheabhsú, £360 do chóras uisce, £300 do chóras séarachais, £600 do sheomra folctha le huisce te, £170 chun córas uisce nó séarachais a fheabhsú, £810 chun trí sheomra do chuairteoirí a chur le teach, agus £600 chun sealla saoire a thógáil.
Is é mo thuairimse go bhfuil sárobair déanta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) le leathchéad bliain anuas agus go bhfuil moladh agus buíochas ag dul do na cigirí tithe agus dá gcúntóirí dá bharr sin.
Is eol dúinn uile an tábhacht a bhaineann le cúrsaí tithíochta agus an meas a bhíonn ag muintir na tíre seo ar a gcuid tithe. Ach tá tábhacht ar leith ag baint leis na tithe sa Ghaeltacht sa mhéid gur féidir leis na daoine ansin cur lena dteacht isteach trí chuairteoirí a choimeád i geaitheamh an tsamhraidh agus go háirithe cuairteoirí ar suim leo an Ghaeilge.
Gan trácht ar dhaoine fásta, téann líon mór daltaí — breis agus 18,000 — chun na Gaeltachta gach bliain d'fhonn feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus teacht isteach ar bhlas agus líofacht nádúrtha na teanga trína gcaidreamh le cainteoirí dúchais. Cuirtear cóir mhaith ar na cuairteoirí uile agus ní aon ionadh go mbítear ag maíomh go minic go bhfuil tithe na Gaeltachta inchurtha lena macasamhail i gceantar tuaithe ar bith sa tír.
O tharla go bhfuil airgead breise ag teastáil do na deontais tithíochta glactar leis an deis chun an soláthar do chúpla cuspóir eile a mhéadú chomh maith. Tháinig ardú i rith na bliana ar na liúntais taistil agus chothaithe agus, ina theannta sin, aistríodh foireann de chuid na Roinne go dtí oifig nua sna Forbacha i nGaeltacht na Gaillimhe. Le freastal ar na héilimh éagsúla tá £10,010 á chur lena bhfuil i bhfo-mhírcheann B den Vóta.
An t-aon mhéadú eile atá le déanamh baineann sé leis an deontas-i-gcabhair d'Údarás na Gaeltachta chun caiteachais riaracháin agus caiteachais i gcoitinne a íoc — fo-mhírcheann H.1. Tá £70,000 breise á chur ar fáil d'arduithe pá nach raibh údaraithe i dtús na bliana ach a tháinig i bhfeidhm ó shin.
Cé go bhfuil méaduithe dar luach £180,000 san iomlán luaite agam is féidir 180,000 a aistriú ó fho-mhírchinn eile. Tagann de sin nach bhfuil ach sium chomharthach £10 le vótáil, agus molaim don Teach é sin a dhéanamh.