asked the Minister for the Gaeltacht the amount of the grant paid to (a) Amárach and (b) Inniu from her Department; whether such grants are payable on a weekly, monthly or other basis; and the conditions, if any, which apply to the payment of the grants.
Written Answers. - Grants to Irish-Language Publications.
Is in aghaidh na seachtaine a fhoilsítear an dá nuachtán sin agus is iad na deontais atá á n-íoc faoi láthair i leith an eagráin ná Inniu £1,400 agus Amárach £600. Íoctar na deontais sin ach iarratais mar aon le billí clódóireachta a fháil. Níl aon choinníollacha speisialta leaghta síin ach bítear ag súil le fiúntas sna nuachtáin i gcaoi go léifear go forleathan iad agus go dtuillfidh siad teacht isteach dá réir.
Tá Inniu á fhoilsiú go leanúnach le fada agus is ar 5 Meán Fómhair 1980 a tosaíodh ar Amárach a athfhoilsiú. Mar chabhair do Amárach sa tréimhse thosaigh — de bhreis ar an deontas in aghaidh an eagráin—bhíothas sásta deontais speisialta, nach rachadh thar £20,000 san iomlán, a íoc chun costais riachtanacha a ghlanadh ar bhonn admhálacha deimhnithe nuair a bhí réamhullmhúcháin á ndéanamh agus, go ceann tamaill ina dhiaidh sin, nuair a bhí an teacht isteach faoi bhun an ghnáthleibhéil; dá réir sin tá £5,000 íoctha go dtí seo.