agusMr. Begley d'Aire na Gaeltachta, maidir leis na Cuntais Leithreasa do na blianta airgeadais 1978 agus 1979, an gcuirfidh sí mioneolas ar fáil a léireoidh don dá bhliain sin: (a) cad iad nó cé hiad—(i) na comharchumainn; (ii) na tréimhseacháin Ghaeilge agus na nuachtáin a bhfuil nuacht reatha i nGaelige iontu; (iii) Léiritheoirí na ngearrscannán Gaeilge; (iv) na coláistí Gaeilge atá lasmuigh den Ghaeltacht; (v) na hallaí atá sa Ghaeltacht; (vi) na coistí a riarann aosáidí siamsaíochta; (vii) lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge; (viii) lucht stiúrtha na ndeiseanna páirceála; agus (ix) lucht stiúrtha na n-aosáidí ilghnéitheacha a fuair deontais ón Roinn an dá bhliain sin; agus (b) cad é an méid airgid a deonaíodh do gach ceann ar leith de na dreamanna sin sa bhliain (i) 1978 agus (ii) 1979.
Written Answers. - Mioneolas faoi Dheontais.
372. D'fhiafraigh
Bheadh mórchuid dua ag gabháil leis na mionsonraí sin uile a chur le chéile agus ba maith liom go léireofaí cén tábhacht a bheadh leo sula ndéanfainn socrú chun am na foirne a chaitheamh mar sin.
Ba chóir a chur san áireamh
—go bhfoilsítear an caiteachas faoi scéimeanna éagsúla mo Roinne sna Cuntais Leithreasa,
—go mbíonn na cuntais sin iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste,
—go scrúdaíonn an Coiste um Chuntais Phoiblí na Cuntais sin, agus
—go dtugann Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne fianaise don choiste.